Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/302

This page has not been proofread.
298
NIAṀ

sí ag caint go réiḋ, mar 'ḋ eaḋ nár ṁoṫuiġ sí Gormḟlaiṫ ag teaċt:—

“Náċ seóig a' ḃfuil ann díoḃ!” ar sise. “Feuċ,” ar sise, “is dóċa gur b'í an long ṁór san i lár baill long an Iarla.”

“Ní h-í, a rígan”, arsa Sitric. “Siní long Ḃruadair. An ḃfeicean tú an long ṁór eile úd ṫoir ar fad? An long go ḃfuil an buṫaire mór deataiġ ag eiriġe aisti?”

“Ċím í,” arsa Béibionn.

“Siní long an Iarla,” arsa Sitric.

“Is moċ ar maidin atáṫaoí araon 'ġá n-iniúċaḋ, a ċlann ó,” arsa Gormḟlaiṫ laistiar de'n ḃeirt.

Do baineaḋ geit dáiríriḃ a' Sitric mar níor ṁoṫuiġ sé ag teaċt í. Do leig Béibionn uirṫi gur baineaḋ geit aisti féin, leis, agus ḋein sí an leigint uirṫi ċóṁ maiṫ san gur ṡaṁluiġ an Árdrígan gur baineaḋ.

Ṫug an triúr tamal sa n-áit ag breiṫniuġaḋ na loingeas agus na slóġ. Ansan dúḃairt Béibionn go raiḃ an ṁaidion glas, agus d'imṫiġ sí. Níor ḃ' ḟada go ndúḃairt Gormḟlaiṫ gur ḃ' ḟíor do Ḃéibionn é, go raiḃ an ṁaidion glas, agus d'imṫiġ sí. Ċóṁ luaṫ agus a ṫuig Sitric ná raiḃ aoinne 'ġá ṫaḃairt fé ndeara ṫáinig sé go seómra Béibionn.

“Cad é seo ort, a Ḃéibionn?” ar seisean.

“Tá sé buailte isteaċ am' aigne, a ríġ,” ar sise “go ḃfuil éagcóir 'á déanaṁ ort, éagcóir ṫrom.”

“Cad a ḃuail an níḋ sin isteaċ ad' aigne?” ar seisean.

“Inis dom ar dtúis,” ar sise, “agus bí ċóṁ cruinn agus d'ḟéadfair ar na focalaiḃ, cad í an ċaint a dúḃraḋ idir an gceaṫrar agaiḃ indé, idir ṫusa agus Bruadar agus Aṁlaoiḃ agus do ṁáṫair.”

D'inis sé ḋi an ċaint ċóṁ maiṫ agus d'ḟéad sé é. D'éist sí leis go dtí go raiḃ an ċaint ráiḋte aige.