Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/303

This page has not been proofread.
299
NIAṀ

“Seaḋ!” ar sise, “ṫugais leat an ċaint cruinn go leór.”

Ní ḟeidir sé an doṁan cad a ḃí ag teaċt.

“Ḃíos ag éisteaċt liḃ aréir,” ar sise, “a gan ḟios daoiḃ. Adṁuiġim é agus ní'l aon náire 'n-a ṫaoḃ orm. D' airiġeas do ṁáṫair 'ġá ráḋ liḃ dul a ċodla. Ċuaḋaḃair a ċodla. Ní ḟeadar ar ċuais-se a ċoḋla aċ tá ḟios agam ná déiġ Aṁlaoiḃ a ċodla. D'ḟill sé ṫar n-ais agus ṫug sé féin agus do ṁáṫair tamal maiṫ de'n oíḋċe ag caint. Do taraingeaḋ anuas an uile ḟocal de'n ċaint a ḃí eadraiḃ ar bórd na loinge. Ḋeineadar ana ṡult de'n ċuma 'n-ar ḋein sí amaċ ná raḃais-se aċ fiċe bliain d' aois agus gur ḃ'é Aṁlaoiḃ an mac léi a rugaḋ tar éis ḃáis a aṫar, 'sé sin tar éis ḃáis Aṁlaoiḃ, agus gur mar ġeall air sin a tugaḋ Aṁlaoiḃ óg air. Ba ḋóiċ leat go gcuirfidís araon an t-anam amaċ ag gáirí, fé n-a n-anál, an ḟaid a ḃí an méid sin ar siúḃal acu. Aċ níor ḃ' aon rud an méid sin suilt seaċas an sult a ḃí acu nuair a ṫaraingeadar ċúċa conus mar a ċuir do ṁáṫair cosg leis an gcaint ar eagla go leigfeaḋ Bruadar amaċ sgéal áiriġṫe éigin, níḋ éigin a ṫeastuiġ ó'n dtriúr a ċoimeád uait-se.

“Sidiad anois agat, a ríġ, na ceisteana atá os cóṁair m' aigne agus atá ag déanaṁ buarṫa ḋom. Cad é an níḋ é seo atá acu d'á ċoimeád uait-se? Cad é an t-eólus é seo atá ag Bruadar agus ná fuil agat-sa, agus nár ḃ'ḟoláir an ċaint do ċosg ar eagla go leigfeaḋ Bruadar amaċ, ad' láṫair, aon ḃalaiṫ ḋé? Cad é an bríġ a ḃí ag Aṁlaoiḃ leis an sult a ḋein sé, ad' láṫair féin, amuiċ ar an loing, de'n rud gur ḋóiċ le h-aoinne go n-eistfeaḋ sé a ḃéal 'n-a ṫaoḃ? — ‘Cad 'n-a ṫaoḃ, a ḃiṫeaṁnaiġ,’ arsa Bruadar, ‘nár innsis dom ná feacaís t' aṫair riaṁ?’ — ‘Le h-eagla,’ arsa Aṁlaoiḃ, ‘go ndéanfainn bréag,’ agus, ‘náċ ṡiní mo ṁáṫair 'ġá innsint duit ná feaca m' aṫair riaṁ.’ — Tá sé