Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/305

This page has not been proofread.
301
NIAṀ

“Nuair a ḃí Aṁlaoiḃ i gCeann Cora agus i n-Inis Caṫaiġ iseaḋ ṫug sí an t-eólus dó,” arsa Béibionn.

“Is uaṫḃásaċ an ḃean í!” arsa Sitric, “agus tá Aṁlaoiḃ maiṫ a dóṫin di. Tá sé aiṫreaṁail, máiṫreaṁail.”

“Tá,” arsa Béibionn, “aċ ní h-é an taoḃ fóġanta de'n dúċas a ṫug sé leis ó aṫair ná ó ṁáṫair.”

“Ní puínn fóġantaċta a ḋ'ḟéadfaḋ sé a ṫaḃairt ó aon taoḃ acu,” arsa Sitric.

Ḃí an t-am ann ċun dul fé ḋéin béile na maidine. Ċuadar isteaċ i seómra an ḃíḋ. Ḃí Gormḟlaiṫ istiġ rómpa.

“Móra ḋaoiḃ, a ċlann ó!” ar sise. “Ní h-iongnaḋ liom a lán cainte ḃeiṫ agaiḃ le déanaṁ indiu. Ní dóċa go mbeiḋ puínn eile caoi ar ċaint agaiḃ go dtí go mbeiḋ buaḋ an ṁór-ċaṫa so ar taoḃ éigin. Ansan beiḋ gaċ aon níḋ ar ḃúr dtoil agaiḃ má ḃíon an buaḋ ar an dtaoḃ gceart.”

“Agus má ḃíon an buaḋ ar an dtaoḃ eile, a ṁáṫair, cad a ḋéanfaimíd?” arsa Sitric.

“Má ḃíon an buaḋ ar an dtaoḃ eile,” arsa Gormḟlaiṫ, “ní ḃeiḋ aon ġáḋ le caint againn. Deineaḋ gaċ fear a ġníoṁ féin sa ċaṫ agus ní baoġal ná go mbeiḋ an buaḋ ar ár dtaoḃ féin.”

“Cad tá ag coimeád Aṁlaoiḃ?” arsa Béibionn.

“Ní ḟeaca indiu é,” arsa Gormḟlaiṫ. “Is dóċa go mb’ ḟéidir go ḃfuil tuirse air tar éis an lae 'ndé.”

Ċríoċnuiġdar an béile. Níor ṫáinig Aṁlaoiḃ.

“Is fearr glaoḋaċ air,” arsa Sitric. “Raġad agus glaoḋfad air.”

D'imṫiġ sé. Níor ḃ'ḟada gur ḟill sé.

“Ní'l sé 'n-a ṡeómra,” ar seisean.

“Is mór an iongnaḋ,” arsa Gormḟlaiṫ, “é ḋ'eiriġe ċóṁ moċ. Má's ag feuċaint ar ár mór-ṡluaġ a ḃí sé náċ mór an iongnaḋ ná feacamair é.”