“Níor luiġ sé ar a leabaiḋ i n-aon ċor aréir, a ṁáṫair,” arsa Sitric.
Ṫáinig iongnaḋ uirṫi, díreaċ mar a ṫiocfaḋ dá mb' a gan ḟios a ṫiocfaḋ an sgéal uirṫi. Níor ḃ' eaḋ. Ḃí ḟios aici go maiṫ nár ċodail sé sa ríġṫeiġlaċ an oíḋċe roim ré. Ḋein sí an iongnaḋ ċóṁ maiṫ san gur ṁeas an ḃeirt eile go raiḃ an iongnaḋ uirṫi dáiríriḃ.
Ḃí Aṁlaoiḃ imṫiġṫe amaċ go loing Ḃruadair agus teaċtaireaċt aige do Ḃruadar ó Ġormḟlaiṫ.
Do ġluais Gormḟlaiṫ ar fuid an ríġṫeiġlaiġ ag ceistiúċán ar na seirḃísiġ feuċaint cé ba ḋéanaiġe a ċonaic an tiġearna óg, Aṁlaoiḃ, agus canad a ċonacṫas é. Ní ḃfuair sí aon tuairisg air, níḋ nár ḃ'iongnaḋ. Ní ḟeacaiḋ aoinne acu é ó ċonacadar go léir é féin agus an ríġ agus an Ardrígan ag teaċt isteaċ ar an mbád um tráṫnóna indé roimis sin.
Ḋein Gormḟlaiṫ dearṁad. Ḋein sí an iomad ceis- tiúċáin. Nuair a ċonaic Béibionn an ceistiúċán ṫuig sí ná raiḃ ann aċ púicín. Ṫug sí cogar do'n ríġ.
“Ní'l sa ċeistiúċán san aċ púicín, a ríġ,” ar sise. “Tá ḟios ag Gormḟlaiṫ cá ḃfuil Aṁlaoiḃ imṫiġṫe. Pé ball 'n-a ḃfuil sé imṫiġṫe, a rí,” ar sise, “ní ar ṁaiṫe le ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ atá a ṫriall.”
“Is fíor,” arsa Sitric. “Ní foláir feuċaint go cruinn ċun an méid sin sgéil,” ar seisean.
Ansan do laḃair sé leis an mbeirt, le Béibionn agus le Gormḟlaiṫ.
“Feuċaíg, a ríogna,” ar seisean. “Indiu an Ṁáirt. Ní dóiċ liom gur ró ḟada uainn an caṫ. Tá slóiġte an Árdríġ naċ mór cruinniġṫe i gCill Ṁaiġneann. Ní mór dóm-sa imṫeaċt agus neart slóġ Loċlanaċ na h-Éirean do ċur sa n-inead atá ceapaiṫe ḋóiḃ ar talaṁ an ċaṫa. Beiḋ siad féin agus slóiġte ríġ Laiġean i n-aice ċéile. Is dóiċ