Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/309

This page has not been proofread.
305
NIAṀ

Ṫáinig a lán d'ḟearaiḃ Ulaḋ ann agus do luiġdar isteaċ ins na buiḋniḃ, fé mar a ḃí aiṫne acu ar na fearaiḃ nó ar na ríġṫiḃ. Fir ab eaḋ iad ná leigfeaḋ a gcroíḋe ná a n-aigne ḋóiḃ fanṁaint sa ḃaile nuair a ḃí a leiṫéid de ċaṫ le bualaḋ, agus Éire go léir i n-a leiṫéid do ċontaḃairt, agus an Creideaṁ i n-a leiṫéid de ċontaḃairt.

Ḃí an dá ríġ ó Albain ann agus neart maiṫ láidir de Ġaeḋlaiḃ Alban i n-aonḟeaċt leó.

Do réir gaċ seanaċais ḃí suas le fiċe míle fear ag Brian i gCill Ṁaiġneann an uair sin nuair a ḃíodar go léir cruinniġṫe. Do réir na gcúntaisí gcéadna ḃí aon ṁíle ḟiċid ag an naṁaid. Aċ ḃí an deiċ gcéad fear ins na h-éidíḃ práis ar ṫaoḃ na Loċlanaċ, agus do measaḋ gur ṁó le ráḋ an deiċ gcéad san, i ḃfrioṫġuin caṫa, 'ná deiċ míle des na fearaiḃ ná raiḃ orṫa aċ na “léinteaċa sróil.”

Ḃí Caoilte agus na giollaí eile ag teaċt isteaċ coitċianta ó ḃeiṫ ag feuċaint ar an naṁaid agus 'ġá mbreiṫniuġaḋ.

As na tuairisgiḃ a ṫugadar leó do ṁeas Brian ná tiocfaḋ an naṁaid amaċ ċun caṫa go ceann seaċtṁaine eile pé 'r doṁan é. Ḃí Luan na Failime an uair sin ann. Ḃí a neart go léir cruinniġṫe i n-aice Áṫa Cliaṫ ag ríġ Laiġean i gcóir an ċaṫa. Ḃí Cúige Laiġean gan ċosaint. Dob' ana ṁaiṫ an rud, an ḟaid a ḃéifí ag feiṫeaṁ leis an gcaṫ, an Ċúige sin do sgrios agus bia do'n ṁór-ṡluaġ do ṫaḃairt aisti; a ċur ḟiaċaint ar ríġeaċt Ṁaoilṁórḋa an ṁór-ṡluaġ do ċoṫuġaḋ.

Ċuir Brian amaċ a ṁac, Donċaḋ, ċun Cúige Laiġean do sgrios. Do ġluais Donċaḋ i dtusaċ na h-oíḋċe, i dtreó ná feicfí ag imṫeaċt é agus go mbéaḋ na creaċa istiġ aige sar a' moṫóċ' an naṁaid go raiḃ an gnó 'á ḋéanaṁ i n-aon ċor. Níor rug Donċaḋ leis ar an gcuaird sin puínn ṫar cúig nó sé ċéadaiḃ fear. Ní raiḃ aon ġnó aige d'á ṫuille.