Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/314

This page has not been proofread.
310
NIAṀ

eatarṫa go dtroidfí an caṫ ar maidin Dé h-Aoine a ḃí ċúġainn. Níor ċodail aoinne acu an ċuid eile de'n oíḋċe sin, ḃí a leiṫéid sin d' ḟoṫram agus de ġleó ar siúḃal ó ċeann ceann de'n longṗort.

Níor ḃ'ḟada go ḃfuaraḋ amaċ i longṗort Ḃriain cad a ḃí ar siúḃal, agus cad fé ndeár an gleó agus an foṫram. Ḃí Caoilte agus a ġiollaí turais anso agus ansúd, fé ċeilt, ameasg na Loċlanaċ. Ṫugadar leó ag triall ar ṁór-ṡluaġ Ḃriain tuairisg cruinn ar an ollṁúċán. Ṫusnuiġ na Gaeḋil ar iad féin d' ollaṁuġaḋ láiṫreaċ. Ḃí an t-ollṁúċán ar siúḃal go tréan sa dá longṗort i ndeire na h-oíḋċe sin agus i gcaiṫeaṁ an lae amáiriġ, agus i gcaiṫeaṁ na cod' eile de'n aimsir as san go h-Aoine.



CAIBIDIOL XII.

DAOINE CIALLṀARA AG FEUĊAINT RÓMPA AMAĊ.

Dá ṁéid a ḃí deiṁne ag Bruadar agus ag Aṁlaoiḃ, agus ag an gcuid eile acu, ar ḃuaċtaint sa ṁór-ċaṫ a ḃí ag teaċt, iseaḋ ba ṁó a ḃíodar ag feuċaint rómpa amaċ agus ag cuiṁneaṁ ar na neiṫiḃ a ḋéanfaidís tar éis an ċaṫa.

Do laḃair Aṁlaoiḃ le Bruadar.

“A leiṫéid seo, a ríġ,” ar seisean. Is tusa a ḃeiḋ i n-Árdríġeaċt na h-Éirean tar éis an caṫa so.”

“B'ḟéidir é,” arsa Bruadar, “aċ cá ḃ'ḟios duit-se sin?”

“Táim deiṁniġṫeaċ dé,” arsa Aṁlaoiḃ. “Do ġeall