Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/315

This page has not been proofread.
311
NIAṀ

Sitric duit go dtaḃarfaḋ sé mo ṁáṫair duit. Ní foláir dó an ġeallaṁaint sin do ṡeasaṁ. Ansan, an t-é go mbeiḋ an Árdrígan aige beiḋ an Árdríġeaċt aige.”

“Ṁeasas,” arsa Bruadar, “gur ċun na h-Árdríġ- eaċta ṫaḃairt do Ṡitric a tusnuiġeaḋ an obair seo ar dtúis.”

“Ṁeasas-sa, leis, é,” arsa Aṁlaoiḃ, “aċ measaim rud eile anois. Ċím aṫaruġaḋ ar aigne mo ṁáṫar ó ṫusnuiġ na slóiġte móra so ar ċruinniú' fé n-a súil. Ní déarfainn ná go ḃfuil ḟios agat féin, a ríġ, gur duit a taḃarfar an Árdríġeaċt, agus náċ indiu ná indé do ṫusnuiġis ar a ḟios a ḃeiṫ agat.”

“Nár geallaḋ Árdrígan agus Árdríġeaċt do'n Iarla?” arsa Bruadar.

“Ní ceist ag lorg eóluis í sin, a ríġ,” arsa Aṁlaoiḃ. “Tá freagra na ceiste sin agat féin ċeana agus ní gáḋ ḋóṁ-sa í ḟreagairt duit.”

“Is fíor, a ṁic ó,” arsa Bruadar, “aċ cad 'tá uait? Tá ḟios agam go dteastuiġean uait níḋ éigin a ḋ'iaraiḋ orm nuair a ḃéad am' Árdríġ, agus gur maiṫ leat an níḋ sin do ċur i n-áiriġṫe ḋuit féin roim ré.”

“Siné díreaċ a ṫeastuiġean uaim, a ríġ,” arsa Aṁlaoiḃ.

“Tá go maiṫ. Comáin leat. Aċ ba ḋóiċ liom, ó 'tá ḟios agat anois cé h-é ṫu, go dtuigfeá ad' aigne ná fuil aon ġáḋ leis an gcur i n-áiriġṫe roim ré. Aċ comáin leat;” arsa Bruadar.

“Nuair a ḃíos-sa i n-Inis Caṫaiġ,” arsa Aṁlaoiḃ, “ċuireas aiṫne ann ar ṁac do Ṫaḋg Ṁór ua Ċealla. Tá aiṫne agat ar Ṫaḋg Ṁór ua Ċealla.”

“Tá. An fear so adeirtear atá níos treise agus níos cróḋa 'ná Murċaḋ féin,” arsa Bruadar.

“Siné é,” arsa Aṁlaoiḃ. “Ċuireas aiṫne ar a ṁac. Buaċail boċt símpliḋe iseaḋ é. Aċ do ċuaḋmair ar