Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/316

This page has not been proofread.
312
NIAṀ

ċuaird óṫuaiḋ go h-Uíḃ Máine, go ríġṫeiġlaċ Ṫaiḋg Ṁóir. Ċonac rígan óg ansan, inġean do Ṫaḋg Ṁór. Niaṁ a tugtí uirṫi. Ní ḟeacaiḋ mo ḋá ṡúil riaṁ roimis sin, ná ó ṡin, aon níḋ i rioċt duine ċóṁ h-áluinn léi. Ṁeasas gur ḃain a h-áilneaċt mo raḋarc díom. Aċ sa n-am gcéadna, ar an gcéad aṁarc, do buaileaḋ isteaċ am' aigne go raiḃ sí go h-olc. Ní h-í a ḃí go h-olc aċ mise. Ṫáinig sí go Ceann Cora 'n-a ḋiaiġ san ċun ḃeiṫ ag faire ar mo ṁáṫair le h-eagla go dtaḃarfaḋ sí niṁ do Ḃrian. Ċuir mo ṁáṫair aiṫne uirṫi. Ḃíos ag caint le m' ṁáṫair uair, i gcaiṫeaṁ na h-aimsire 'n-a raiḃ Brian ar a ċuaird ríġ. Dúḃairt sí liom go raiḃ dearṁad mór déanta agam i dtaoḃ Niaṁ. Ṫuigeas gur ḃ' ḟíor di é. Do ċaiṫeas a ġeallaṁaint di dá n-eiriġeaḋ ár n-obair linn go bpósfainn Niaṁ.”

“An ndúḃairt sí leat,” arsa Bruadar, “go bpósfaḋ Niaṁ ṫu?”

“Táim féin deiṁniġṫeaċ, ó'n gcéad aṁarc úd, go bpósfaiḋ. Isé rud atá agam le h-iaraiḋ ort, nuair a ḃéir- se i n-Árdríġeaċt na h-Éirean, go dtaḃarfair ríġe Conaċt dóṁ-sa agus do Niaṁ.”

“Ambasa, a ṁic ó,” arsa Bruadar, “taḃarfad agus fáilte. Taḃarfad ríġe Conaċt duit pé 'cu ṫógfaiḋ sí ṫu nó ná tógfaiḋ.”

I n-áit eile, sa ṁór-ṡluaġ ċéadna, ḃí beirt eile agus iad ag feuċaint rómpa ar an gcuma gcéadna agus iad ag socaruġaḋ neiṫe go h-áluinn, dar leó. B'iad beirt iad san 'ná Maolmórḋa agus Sitric. Níor ró ḟuiriste do Ṡitric neiṫe do ṡocaruġaḋ i gcóṁairle le Maolmórḋa mar fear ró ḃaoṫ, ró ḃéalsgaoilte, ab eaḋ Maolmórḋa, agus ní féadfaí aon eólus a ṫaḃairt dó aċ eólus nar ṁiste a leigint amaċ.

“Is dóċa, a ríġ,” arsa Sitric le Maolmórḋa, “ná fuil