Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/317

This page has not been proofread.
313
NIAṀ

aon teip ná go mbuaḋfaimíd sa ċaṫ so atá le troid Dé h-Aoine.”

“Ní'l, a ṁic ó,” arsa Maolmórḋa. “Ní ḟéadfaḋ a ḃeiṫ. Ċuirfeaḋ an deiċ gcéad fear so ins na h-éidíḃ práis i n-áiriġṫe ḋúinn é dá mba ná béaḋ aon níḋ eile ċun é ċur i n-áiriġṫe ḋúinn. Aċ tá a lán neiṫe ċun é ċur i n-áiriġṫe ḋúinn. Airiġim-se go ḃfuil socair ag M'lṡeaċlainn Mór ar ṫarang siar ó'n gcaṫ ċóṁ luaṫ agus ṫusnóċaiḋ an caṫ. Ní h-aon iongnaḋ i n-aon ċor go mbéaḋ socair aige ar a leiṫéid.”

“Agus cad 'n-a ṫaoḃ nár ḟan sé ṫiar sa ḃaile agus gan teaċt i n-aon ċor, fé mar a ḋ' ḟan tuille acu?” arsa Sitric.

“D'ḟanfaḋ, leis, aċ go ḃfuil socair aige ar níos mó díoḃála ḋéanaṁ do Ḃrian 'ná mar a ḋéanfaḋ sé ḋó dá ḃfanaḋ sé ṫiar sa ḃaile,” arsa Maolmórḋa.

“Agus cad é an díoḃáil eile atá beartuiġṫe aige a ḋéanaṁ?” arsa Sitric.

“Tá sé ag braṫ air go mbéarfaiḋ sé leis as an gcaṫ beirt nó triúr eile des na ríġṫiḃ atá dílis fós do Ḃrian. Ní ḟéadfaḋ ríġ na nDéiseaċ aon ġráḋ ró ṁór a ḃeiṫ aige do Ḃrian; ná ríġ Ua n-Eaċac Múṁan; ná tuille acu,” arsa Maolmórḋa.

“Agus cogar, a ríġ,” arsa Sitric, “cad is dóiċ leat a ḋéanfaiḋ mo ṁáṫair tar éis an ċaṫa?”

“Cad a ḋéanfaḋ sí,” arsa Maolmórḋa, “aċ an rud atá geallta aici ó ṫusaċ, tusa ċur sa n-Árdríġeaċt?”

“Mura dtiocfaḋ aon luċt droċ ċóṁairle ċúiċi a ċuirfeaḋ suas í ċun a h-aigne d' aṫaruġaḋ,” arsa Sitric.

“Cé h-é an droċ ċóṁairleóir a ḋ' ḟéadfaḋ í ċur suas ċun a h-aigne ḋ' aṫarú?” arsa Maolmórḋa.

“Ní ḟeadar an doṁan, a ríġ,” arsa Sitric, “aċ tá raint neiṫe agam 'á ṫaḃairt fé ndeara le déanaiġe agus ba ró