Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/319

This page has not been proofread.
315
NIAṀ

“Is agam-sa féin a ḃeiḋ an Árdríġeaċt i ndeire bára, agus ní h-agat-sa ná ag Bruadar!” arsa Maolmórḋa, i n' aigne féin.

“Ní h-aon iontaoiḃ tu, a ḋriṫáir mo ṁáṫar,” arsa Sitric, i n' aigne féin. “Ní'l agam,” ar seisean, “aċ an úsáid is fearr a ḋ'ḟéadfad, a ḋéanaṁ díot, agus ansan — mé féin do ṡeaċaint ort ċóṁ maiṫ agus d' ḟéadfad é!”

Ḃí beirt eile i n-áit eile, sa ṁór-ṡluaġ, agus ḃí caint eatarṫa, leis. B' iad beirt iad san 'ná Cnút agus Anrud, beirt ṁac ríġ na h-Ioruaiḋe.

“Ar airiġis, a ḋriṫáir,” arsa Cnút, “cé 'tá le ḃeiṫ i n' Árdríġ ar Éirinn i ndiaiġ an ċaṫa so a troidfear Dé h-Aoine?”

“D' airiġeas a lán ráflaí,” arsa Anrud, “aċ ní ḟeadar an ceart puínn suime ċur ionta. D'airiġeas ar dtúis gur do Ḃruadar a taḃarfaí an Árdríġeaċt agus an Árdrígan. D'airiġeas ansan gur do Ṡitric, ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ, a taḃarfaí an Árdríġeaċt. Aċ tá muintir an Iarla deiṁniġṫeaċ gur b'é an t-Iarla a ḃeiḋ i n'Árdríġ; gur ġeall Sitric an Árdríġeaċt agus an Árdrígan i n-aon- ḟeaċt dó.”

“Tá an sgéal go léir cruinn agat,” arsa Cnút. “Is léir, as na ráflaíḃ sin ná fuiltear socair i gceart ar cé aige go mbeiḋ an Árdríġeaċt.”

“Is fíor san, a ḋriṫáir,” arsa Anrud, “aċ cad é sin dúinne cé 'cu atáṫar socair air nó ná fuiltear?”

“Is mórán neiṫe ḋúinn é,” arsa Cnút. “Ar ṫánamair- ne anso, sinn féin agus ár mór-ṡluaġ, tar éis mórán costais do ċur ar ár dtír féin, treasna faraigí fuara, ċun ár n-anama ḋ' imirt i ḃfrioṫġuin ċaṫa, i gcoinniḃ Ḃriain agus Dál gCais, i dtreó go ḃfaġaḋ Bruadar Árdríġeaċt agus Árdrígan?”

“Ní ṁeasaim gur ċuige sin a ṫánamair,” arsa Anrud.