Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/321

This page has not been proofread.
317
NIAṀ

treasna an ċuain ar an línte fada cábán. Ċonacadar na slóiġte go léir ag gluaiseaċt amaċ agus 'ġá gcur féin i n-eagar. Níor ḃ' ḟada go ḃfeacadar na h-íoḋna fada 'ġá riaraḋ féin, fan na tráġa, lasmuiċ des na cábánaiḃ.

Ċonacadar lasmuiċ airís, aḃfad amaċ, ar aġaiḋ na Loċlanaċ anonn, íoḋna eile 'ġá gcur féin i n-eagar, agus do ṫuig an ḃeirt rígan go raiḃ na h-íoḋna amuiċ ċóṁ fada, ċóṁ líonṁar, ċóṁ láidir ar gaċ aon tsaġas cuma, le h-íoḋnaiḃ na Loċlanaċ.

“Ní ṁeasaim go ḃfuil puínn sa mbreis ag aon taoḃ acu ar a ċéile i dtaoḃ nirt slóġ,” arsa Béibionn.

“Ní líonṁaire a ḋeinean neart i gcóṁnuíġe,” arsa Gormḟlaiṫ, “ná ní h-é a ḃeirean buaḋ.”

“Is fíor,” arsa Béibionn. “Dá ḃfeicinn-se m' aṫair agus Murċaḋ agus Dál gCais i láṫair caṫa agus a dtrí n-oiread nirt slóġ 'n-a gcoinniḃ ní ḃéaḋ aon eagal orm ná go mbéaḋ an buaḋ acu.”

“Fan leat go fóil,” arsa Gormḟlaiṫ, “go ḃfeicir luċt na n-éidí práis úd ṫall ag taḃairt aġaiḋ orṫa. Ansan iseaḋ ċífir cad a ḋéanfaiḋ Murċaḋ agus Clann Ċais.”

“Is fíor!” arsa Béibionn.

Ḃí na h-íoḋna caṫa, ó gaċ taoḃ, ag teaċt fé ḋéin a ċéile. Ḃí na Loċlanaiġ ag gluaiseaċt go h-ana réiḋ. D'órduiġ na ríġṫe agus na taoiseaċa ḋóiḃ siúḃal go réiḋ i dtreó ná béaḋ saoṫar orṫa nuair a ṫiocfaidís láṁ le láiṁ agus uċt le h-uċt leis an naṁaid. Ḃí íoḋna na nGaeḋal, leis, ag teaċt go réiḋ agus go stuamḋa.

Do h-órduiġeaḋ dos na Gaeḋlaiḃ stad. Do stadadar.

Nuair a ḃíodar 'n-a stad ṫáinig an t-Árdríġ amaċ os a gcóṁair agus é ar muin capail agus beirt ḟear ag ceann an ċapail agus greim acu ar an sriain. Ḃí a ċlaiḋeaṁ noċt anáirde ag an Árdríġ, 'n-a láiṁ ḋeis, an claiḋeaṁ a ḃí tar éis rian a ḃéil do ċur ar Loċlanaċaiḃ ins gaċ aon