Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/322

This page has not been proofread.
318
NIAṀ

ṗáirt de'n Ṁuṁain agus ins gaċ aon ṗáirt d'Éirinn. D' aiṫin an tsluaġ go léir an claiḋeaṁ san, agus nuair a ċonacadar anáirde é ṫugadar trí gárṫa molta dó féin agus do'n Árdríġ. Le linn na ngárṫa san a ṫaḃairt dóiḃ d' árduiġ gaċ fear a ċlaiḋeaṁ féin. Ḃí an ġrian díreaċ ag éiriġe. Do ṫaiṫn solus na gréine ar na claiḋṁtiḃ go léir agus iad anáirde, i dtreó gur ṁeas Béibionn agus Gormḟlaiṫ go raiḃ slóiġte Ḃriain tré ṫeine.

Do ṫóg Brian anáirde, 'n-a láiṁ ċlé, an Ċrois Ċéasta agus íoṁáġ an tSlánuiġṫeóra uirṫi. Ansan do cuireaḋ an capal ag siuḃal go réiḋ, fan na n-íoḋna, ar aġaiḋ na slóġ amaċ, agus do laḃair an t-Árdríġ mar seo:—

“A Ċlanna Gaeḋal, a ríogra Éirean, táimíd go léir le tamal maiṫ 'ġár n-ollaṁuġaḋ féin i gcóir an lae seo. Tá aon níḋ aṁáin socair againn agus measaim gur fearr d' ollaṁuġaḋ é 'ná aon ollaṁuġaḋ eile atá déanta againn. Tá socair ag gaċ fear againn gur b'é an lá indiu lá a ḃáis féin pé taoḃ ar a mbeiḋ buaḋ. Má's ag ár naṁaid a ḃeiḋ buaḋ ní ḃeiḋ a smaċt orainne, mar ní ḃeimíd beó acu ċuige. Má's againne a ḃeiḋ buaḋ an lae seo bíoḋ a ṫoraḋ ag an muintir atá i n-ár ndiaiġ sa ḃaile.

“An t-é go ḃfuil socair i n' aigne aige ar ḃás d'ḟáġail sa ċaṫ so atá le troid againn ní baoġal go n-iompóċaiḋ sé ó'n gcaṫ. Dá mba ná béaḋ aon níḋ eile ċun buaḋ do ċur i n-áiriġṫe ḋúinn, cuirfiḋ san i n-airiġṫe ḋúinn é. Dá mbéaḋ ḟios ag an naṁaid go ḃfuil ár n-aigne socair mar sin againne ní ró ṁór an misneaċ a ḃéaḋ anois orṫa. Ġeóḃaid siad amaċ ar ball é.”

Do laḃair sé focal fé leiṫ le gaċ ríġ agus le gaċ cineil fé mar a ṫáinig sé ar a n-aġaiḋ amaċ, focal éigin a ċuir a n-uaisleaċt féin agus a gcróḋaċt i gcuiṁne ḋóiḃ, agus conus mar a ḃí Dia agus daoine ag faire ar an gcuma 'n-a ndéanfaidís gníoṁ an lae a ḃí rómpa. Nuair a ṫáinig sé ar aġaiḋ Dál gCais, dúḃairt sé:—