Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/324

This page has not been proofread.
320
NIAṀ

sin. Tá ‘an ċráin 's a h-ál go léir’ ansan agaiḃ. Tá a ḃfuil beó de ċlannaiḃ Loċlan ansan agaiḃ. Táid siad bailiġṫe ansan agaiḃ ó Ḃreatain agus ó Ṡasana, ó Albain agus adtuaiḋ ó-s na h-oileánaiḃ, anall ó Ṁanain agus anoir ó ċríoċaiḃ Danmarg agus ó riasgaiḃ na h-Ioruaiḋe. Ní'l a ṫuille 'n-a ndiaiġ sa ḃaile gur fiú iad d'áireaṁ. Múċaiḋ an saṫa san indiu, agus tá deire le réim Loċlan go bráṫ na breiṫe!”

Le n-a linn sin do ċonacadar go léir M'lṡeaċlainn agus a ḋeiċ gcéad fear ag imṫeaċt as a n-inead. Dúḃairt Brian:—

“Cím cuid agaiḃ ag aṁarc anonn treasna na páirce sin. Ní maiṫ an raḋarc atá le feisgint ann. Is mairg do Ṁ'lṡeaċlainn, díreaċ mar is mairg do Ṁac Giolla Pádraig agus d'á Laiġniḃ, caismirt an lae indiu do ṡeaċnaḋ. Déanfar gníoṁ an lae indiu gan a gcaḃair. Béarfar buaḋ an lae indiu os cóṁair a súl agus gan iad páirteaċ ann. Beiḋ san de ṁasla agus de ġuiṫ ar a gclú agus ar a gcáil an dá lá 's an ḟaid a ḃeiḋ grian ar spéir agus daoine ar talaṁ.

“Tá cuid d'ár muintir féin amuiċ uainn. Ná bac san. Tá oiread againn anso agus ṡocaróċaiḋ cúntas leis an sloigisg sin ṫall. Is cúntas fada é. Is miṫid é ṡocaruġaḋ. Anois an t-am ċun é ṡocaruġaḋ. Isiad ár naṁaid iad. Isiad naṁaid ár gCreidiṁ iad. Tá rian na teine ar eaglaisíḃ agus ar ṁainistríḃ Éirean 'n-a ndiaiġ. Beiḋ láṁ Dé linn 'ġá ḋíoġalt san indiu orṫa.

“Cad é an lá é seo indiu againn? Indiu an Aoine. Is í Aoine an Ċéasda féin í,” agus d'árduiġ sé an Ċrois Ċéasda i raḋarc an tslóiġ go léir. “I gcuiṁneaṁ an lae indiu,” ar seisean, “iseaḋ d'ḟuiling ár Slánuiġṫeóir Íosa Críost bás ar ċrann na Croise ċun an Ċreidiṁ do ċur ar bun. Táimíd-ne anso indiu ag taḃairt aġaiḋ ar an mbás