Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/325

This page has not been proofread.
321
NIAṀ

ċun an Ċreidiṁ do ċosnaṁ. An dóiċ leat ná go mbeiḋ láṁ ċóṁaċtaċ an tSlánuiġṫeóra linn sa ġleó? An dóiċ leat ná go mbeiḋ meanmna ó Ḋia indiu i gcroíḋe gaċ fir a ṫaḃarfaiḋ aġaiḋ ar an naṁaid sin? Beiḋ; agus má's anso atá fód ár mbáis beiḋ bás an tSlánuiġṫeóra féin mar urúḋas againn air go raġaiḋ ár n-anam saor ó'n ḃfód so go Flaṫas na ngrást.”

Ansan d'eiriġ a ġlór níob' aoirde agus níba ḃinne:—

“Gaḃaiḋ ċúċa, a ċlann ó, i n-ainim Dé agus Ṁuire. Tugaiḋ an faoḃar dóiḃ. Gaḃaiḋ do ċosaiḃ ionta! Ní h-é an ċéad uair agaiḃ é. Ná téiḋeaḋ aon ṁac máṫar acu beó uaiḃ. Ná cuiriḋ suim 'n-a gcótaiḃ iarainn. Cótaí troma iseaḋ iad. Tá aon ṁaiṫ aṁáin ionta; coimeádfaid siad na fir daoiḃ-se ċun na gceann a ḃaint díoḃ. Do ṫánadar ċun fanṁaint. Fanaidis, i n-ainim Dé. Tá slíġ fé'n ḃfód anso ḋóiḃ. Tugtar dóiḃ é go fial!”

Ansan do laḃair sé le Dál gCais:—

“A ċlann ó, a óga mo ċroíḋe, a ċine uasal! Is maiṫ is eól dóṁ-sa ḃúr ngníoṁ. Feiceam an gníoṁ san indiu uaiḃ, agus geallfad daoiḃ go mairfiḋ a ṫoraḋ agus a ċlú an ḟaid a ḃeiḋ uisge ag ruiṫ agus féar ag fás i n-Éirinn!”

Um an dtaca 'n-a raiḃ an méid sin cainte déanta ag Brian ḃí an naṁaid ag teaċt i gcóṁngar. Ṫáinig Taḋg Mór ua Cealla agus Murċaḋ agus tuille des na ríġṫiḃ, agus cuireadar ḟiaċaiḃ ar Ḃrian dul agus fanṁaint 'n-a ċábán, mar go raiḃ sé ró aosta ċun dul sa ċaṫ, agus dá dtuiteaḋ sé sa ċaṫ go gcuirfeaḋ san misneaċ ar an naṁaid. Ḋein sé rud orṫa, agus do cuireaḋ luċt cosanta tímpal ar an gcábán.