B'é focal deirineaċ a dúḃairt Niaṁ ar maidin le Dúlainn 'ná, “A Ḋúlainn, ná taḃair do ċeann leat ó'n gcaṫ so má leigean tú buille i gceann Ċonnla!”
Ní raḃdar aḃfad sa caṫ nuair a ċonaic Dúlainn nár ġáḋ d' aoinne ċeann Ċonnla do ċosaint; go raiḃ a láṁ ḋeas féin ábalta ar a ċeann do ċosaint go feilimionta. Agus ar nós Clainne Ċais go léir, is ag dul i ḃfuinneaṁlaċt a ḃí a ċroíḋe agus a ġéaga fé mar a ḃí an caṫ ag dul i ndéine. Ḃí an naṁaid ag dul i ndiaiġ a gcúil, agus iad ag tuitim, agus Dál gCais ag brúṫ orṫa agus 'ġá leagaḋ; agus ḃí an ġrian ag druidim suas ar an spéir, go mall. Ḃí an ġaoṫ anoir agus í go maiṫ láidir, ionḟuar, anamaṁail, agus ba ṁór an tairḃṫe an méid sin dos na fearaiḃ, ar gaċ taoḃ, mar ḃí allus ag teaċt orṫa agus teas an ċóṁraic ag cur orṫa, go mór mór ar an gcuid acu ná raiḃ taiṫiġe ró ṁaiṫ acu ar an saġas san oibre. Níor ġoill teas an ċóṁraic puínn ar Ḋál gCais. Do cruaḋaḋ iad go maiṫ leis an ngleacaiḋeaċt a ḃíoḋ ar siúḃal coitċianta i gCeann Cora. Nuair a ḃíodar sa ṁór-ċaṫ is aṁlaiḋ a ḃíodar ar nós an ċapail ráis n-a mbíon an ḟoluiġeaċt ann. Nuair ba ḋóiċ le duine gur ċeart tuirse ḃeiṫ ag teaċt air is aṁlaiḋ a ḃíon buile nirt agus misniġ agus fuinniṁ ag teaċt ann.
Ḃí cuid des na Loċlanaiġ a ḃí ar an gcuma gcéadna, agus ba ró ḋeacair iad do ċur i ndiaiġ a gcúil. Aċ ḃíodar ag druidim siar agus ḃí Dál gCais ag brúṫ orṫa go dian. Ḃí Maolmórḋa ag déanaṁ a ḋíċil ċun iad do ċoimeád gan dul siar, aċ ní ḟéadaḋ sé é. Ṫugaḋ sé aire ṁaiṫ, áṁṫaċ, gan teaċt aġaiḋ ar aġaiḋ le Murċaḋ ná le Dúlainn. Ṁeasaḋ sé go ḃfeiceaḋ sé ḋá Ṁurċaḋ ann, an Murċaḋ go raiḃ an ḟéasóg air agus an Murċaḋ ná raiḃ, agus go raiḃ an Murċaḋ ná raiḃ an ḟéasóg air ċóṁ contaḃarṫaċ de ṫeangaḃálaiḋe leis an Murċaḋ go raiḃ.
An ḟaid a ḃí san mar sin sa ċeann san de'n ċaṫ, ḃí neiṫe