Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/33

This page has not been proofread.
29
NIAṀ

“Táim 'á ċuiṁneaṁ, a Ṫaiḋg,” ar seisean, “gur ṁaiṫ liom ḃeiṫ am' ṡagart.”

“Laḃair le Colla mar ġeall air sin,” arsa Taḋg.

Do laḃair.

“B'ḟéidir, a ṁic ó,” arsa Colla, “ná fuil fios t' aigne féin i gceart agat i dtaoḃ na h-inntinne sin. Is fearr maċtnaṁ a ḋéanaṁ ar an sgéal. Imṫiġ leat agus taḃair aire do t' ċuid léiġinn, agus tar ċúġam airís mí ó 'ndiu má's maiṫ leat é, agus i gcaiṫeaṁ an ṁí bí 'ġá iaraiḋ ar Ḋia, tré ímpíḋe Ṡeanáin, tú ṡeólaḋ ar do leas.”

D'imṫiġ an mí. Ṫáinig Aṁlaoiḃ airís ag triall ar Ċolla.

“Tá sé socair am' aigne, a Aṫair,” ar seisean, “gur am' ṡagart is ceart dom mo ṡaoġal do ċaiṫeaṁ.”

“Tá go maiṫ, a ṁic ó,” arsa Colla.

Do cuireaḋ isteaċ é ameasg na mac léiġinn a ḃí d'á n-ollaṁuġaḋ d' Órd Ḃeannuiġṫe. Níor ḃ'ḟada gur h-airiġeaḋ i gCeann Cora agus i n-Uíḃ Máine gur deineaḋ. Dúḃairt a lán daoine gur ṁaiṫ é. Dúḃairt a lán eile gur ṁór an truaġ sagart a ḋéanaṁ d'óigḟear ċóṁ breáġ ċóṁ daṫaṁail. D'airiġ Niaṁ é. D'airiġ sí daoine 'ġá ráḋ gur ḃ' áluinn an sagart a ḋéanfaḋ sé. D'airiġ sí daoine 'ġá ráḋ gur ṁór an truaġ sagart a ḋéanaṁ dé. Ḃí lán a croíḋe d'iongnaḋ agus d'alltaċt istiġ 'n-a h-aigne féin, aċ ní baoġal gur leig sí amaċ aon ṗioc de'n iongnaḋ. Níor ḋóiċ le h-aoinne beó uirṫi go raiḃ sí ag cuiṁneaṁ i n-aon ċor air féin ná ar conus ba ṁaiṫ leis a ḃeaṫa do ċaiṫeaṁ. Aċ do ḃí. Ḃí ḋá ṁaċtnaṁ 'n-a h-aigne 'n-a ṫaoḃ agus ḃí sé ag teip uirṫi glan an dá ṁaċtnaṁ a ṫaḃairt d'á ċéile, — an gráḋ úd a ṫaisbeáin sé a ḃeiṫ aige ḋí féin ó'n gcéad lá do ċonaic sí é, agus an socaruġaḋ so a ḃí déanta anois aige ar ḃeiṫ 'n-a ṡagart. Gan aṁras dob' ḟíor nár laḃair sé aon ḟocal riaṁ léi 'ġá innsint di go raiḃ an gráḋ san aige ḋi, aċ níor ḋein san blúire deifríġeaċta sa sgéal.