déanaṁ éirliġ agus ná téiḋeaḋ aon ḃuille ċlaiḋeaṁ i ḃfeiḋm air. Ḋein Murċaḋ ḋá leaṫ d'á ċeann, idir ṗrás agus cloigean, le buille ṫuaiġ. Ḃí na tuaġana go léir anáirde láiṫreaċ. Ansan iseaḋ do ċonacṫas an obair.
“Tugtar sleaġ ḋom!” arsa Murċaḋ.
Do tugaḋ. Ṫug sé sáḋ d'ḟear ṁór eile de luċt na n-éidí. Do riṫ an tsleaġ tríd an éide mar a ruiṫfeaḋ snáṫad tré ḃréid, agus do ṫuit an fear. Ansan iseaḋ do fíoraḋ an focal adúḃairt Brian ar maidin. “Ná cuiriḋ suim 'n-a gcótaíḃ iarainn,” ar seisean. “Cótaí troma iseaḋ iad.” Ċuiṁniġ gaċ aoinne ar an ḃfocal. Do ṡeasaiṁ na Muíṁniġ an fód. D'oibriġdar an tuaġ agus an tsleaġ. Níor ḃ'fada go raiḃ luċt na n-éidí ag tuitim go tiuġ. Níor ċuadar i ndiaiġ a gcúil mar ní ró ṁaiṫ a d’ḟéadfaidís é. Ḃí tuirse agus allus orṫa, agus ḃí an éide ró ṫrom. Níor ḋeineadar aċ seasaṁ agus iad féin a ċosaint ċóṁ maiṫ agus dob' ḟéidir leó é. Níor ró ṁaiṫ a ḋ'ḟéadadar iad féin a ċosaint, mar ḃí an ḃuile agus an ḟearg ar na Muíṁneaċaiḃ nuair a fuaradar go raiḃ ar a gcumas na h-éidí uaṫḃásaċa san do ġearaḋ le tuaiġ nó do ṡáḋ le sleaġ ċóṁ saoráideaċ. Níor ṫuit puínn eile des na Muíṁneaċaiḃ an uair sin, agus do ċosain luċt na n-éidí iad féin maiṫ go leór. Do coireaḋ iad, áṁṫaċ, agus fé mar a coirtí iad ní ḟéadaidís aon ċosaint a ḋéanaṁ orṫa féin, agus ansan do marḃuiġtí iad.
Do lean an cóṁrac, gan stad gan staonaḋ, ó ċeann ceann de ṗáirc an ċaṫa. Na h-Éireanaiġ lán ċeapaiṫe, fé mar a ḃí socair go daingean acu aḃfad roim ré, ar ḃás a ḋ'ḟáġail sa ċaṫ san, pé taoḃ ar a mbéaḋ buaḋ an ċaṫa. Iongnaḋ agus alltaċt ar na Loċlanaiġ go léir, idir ríġṫe agus daoine, a ráḋ go raiḃ a leiṫéid de ṡeasaṁ ag na Gaeḋil 'a ḋéanaṁ. “Má seasuiġtear i n-ár gcoinniḃ puínn eile aimsire ar an gcuma so buaḋfar orainn!” a deiridís