Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/332

This page has not been proofread.
328
NIAṀ

Gléigeal gan an buaḋ do leigint le naṁaid an Ċreidiṁ. Ní raiḃ aon ṗioc d' ḟios an méid sin go léir ag na Loċlanaiġ, agus d'á ḃríġ sin níor ṫuigeadar cad fé ndeara dos na Gaeḋlaiḃ a leiṫéid de ṡeasaṁ a ḋéanaṁ sa ċaṫ agus bás do ġlacaḋ le n-a leiṫéid d' áṫas.

Do lean an cóṁrac gan sos gan staonaḋ gan laguġaḋ, agus ḃí an ġrian ag druidim, go ríġin, ċun a h-áite ar an spéir i meaḋan lae. Ḃí an bualaḋ agus an t-éirleaċ ċóṁ-ḋian, ba ḋóiċ le duine, ó ċeann ceann de'n maċaire. Ḃí na mná agus na mion-daoine ar na h-árdánaiḃ ag faire. Ḃí buairt agus eagla ag tusnuġaḋ ar ṫeaċt ar na mnáiḃ a ṫáinig ar na loingeas. Ní raiḃ aon ċoinne acu go leanfaḋ an caṫ ċóṁ fada, ná go seasóċ' na Gaeḋil an fód ċóṁ daingean. Ḃí a lán d'á ḃfearaiḃ féin, agus d'á macaiḃ, sínte marḃ ar an bpáirc. Ḃí ag dul 'n-a luiġe ar a n-aigne gur ḃaoġal ná raiḃ seilḃ i dtalaṁ na h-Éirean le fáġail acu ċóṁ saoráideaċ agus do ṁeasadar. Aċ do ġluais an cóṁrac agus ṡaṁluiġdar gur ag dul i ngéire agus i ndéine agus i dtruime a ḃí an ċaismirt, agus gan aon ċlóḋ lagaċair ná aon deaḃraṁ géille ar ṡlóiġtiḃ na nGaeḋal. Dá ndúnaḋ bean acu a súile an uair sin agus éisteaċt leis an ngleó, d' aireóċaḋ sí an ċoill ṁór tré ṫeine agus an lasair ag búirṫiġ agus an t-aḋmad ag cnagarnaiġ, agus d' aireóċaḋ sí mar a ḃéaḋ daċad míle fear agus daċad míle tuaġ acu agus iad ag gearaḋ na gcrann agus 'ġá leagaḋ!

Ḃí na crainn ag tuitim, na crainn ḃeaga ar dtúis agus ansan na crainn ṁóra, agus ní raiḃ aon taoḃ ag déanaṁ aon ġéille do'n taoḃ eile, nó má géilltí beagán ar taoḃ anois agus airís, do buaiḋtí an beagán san ṫar n-ais gan puínn ríġnis; agus ḃí an ġrian ag druidim siar. Ḃí ceó éigin oḋar ag eiriġe ó'n maċaire, agus ḃí an ġaoṫ ag séideaḋ an ċeóiḋ sin os cionn na ḃfear a ḃí ag troid,