Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/333

This page has not been proofread.
329
NIAṀ

agus isteaċ fé 'n dtír. Ceó fola ab eaḋ an ceó san. D' eiriġ, leis, as an maċaire, fuar-ḃalaiṫ grána trom, balaiṫ na fola. Ḃí an balaiṫ ċóṁ láidir, ċóṁ trom san go mb'éigin do ċuid des na mnáiḃ a ḃí ar na h-árdánaiḃ imṫeaċt. Nuair a ċuaiḋ an balaiṫ sin fúṫa d'iompuiġ a ngoile, ḃí an balaiṫ ċóṁ trom san. Aċ níor ċuir faoḃar ná fuil, ceó ná balaiṫ, ḟiaċaint ar luċt an ċóṁraic staonaḋ ó'n gcaṫ ar aon taoḃ. Ċomáineadar leó ag bualaḋ agus ag leagaḋ agus ag tuitim, an duaġ agus an saoṫar agus an cruaḋtan 'ġá dtnáṫaḋ agus an tart 'ġá losgaḋ, agus an ġrian ag druidim siar, go ríġin.

Tá tobar breaġ fíor-uisge sa ṁaċaire ar a raiḃ an cóṁrac ar siúḃal. Deirtear go dtéiḋeaḋ na taoisiġ Ġaeḋlaċa ċun an tobair sin, ó am go h-am, ċun a láṁ a ḋ' ḟuaraḋ sa n-uisge agus ċun díġe ḋ'ól, agus ansan go ḃfillidís ċun an ċóṁraic agus a lán neart acu. Ṫug na Loċlanaiġ fé ndeara an níḋ sin. Ḃí buiḋean ċosanta ag na Gaeḋlaiḃ ar an dtobar. Ṫáinig buiḋean Loċlanaċ ċun an tobair a ḃaint díoḃ. Do ṫroid an dá ḃuiḋean go fíoċṁar. Do loiteaḋ an tobar. Nuair a ṫáinig taoiseaċ Gaeḋlaċ ċuige ar ball ḃí sé lán d'ḟuil agus de ċré, agus na cuirp 'n-a gcruaċaiḃ air.

Ní ḟeadar féin conus ḟéad na fir Ġaeḋlaċa imṫeaċt ó'n gcaṫ ċun díġe ḋ' ól as an dtobar mura b' aṁlaiḋ a ḋeinidís uanuiġeaċt ar a ċéile. Pé rud a ḋeinidís do lean an t-éirleaċ gan sos gan staonaḋ, agus ḃí an ġrian ag druidim siar, go mall.

Isé Sígurd, Iarla Ínsí h-Orc, agus a ṡluaġ, a ḃí i ngleic leis na Conaċtaċaiḃ. I dteannta na gConaċtaċ a ḃí ceapaiṫe do Ṁ'lṡeaċlainn Ṁór seasaṁ. Nuair a ḋ'imṫiġ M'lṡeaċlainn agus a ḋeiċ gcéad as an gcaṫ d'ḟág sé easnaṁ mór agus leaṫ-láṁ mór ar na Conaċtaċaiḃ. Aċ do ṡeasaiṁ na Conaċtaiġ an cóṁrac, gan dul órlaċ i ndiaiġ a