Ṁurċaḋ. Pé rud a ḃí imṫiġṫe ar láiṁ ḋeis Ṁurċaḋ ċaiṫ sé uaiḋ an tuaġ. Ṫáinig Anrud ċuige agus é ar buile mar ġeall ar ṁarḃuġaḋ a ḋriṫáir. Do ċosain Murċaḋ é féin air leis an gclaiḋeaṁ a ḃí n-a láiṁ ċlé aige. Ṫug sé únfairt éigin dó i dtreó gur leag sé é. Ansan do ċuir sé an claiḋeaṁ i gcoinniḃ a uċta féin agus a ḃara ar uċt Anruid agus do luiġ sé le n'uċt ar an gclaiḋeaṁ agus ċuir tré éide agus tré ċliaḃ Anruid é. Nuair a ċrom Murċaḋ ċuige sin do ṫug Anrud snap ar an sgiain a ḃí i gcrios Ṁurċaḋ. Do ṫaraing sé an sgian as a truail agus ṡáiḋ sé suas i n-uċt Ṁurċaḋ í, agus do ṫuit Murċaḋ anuas air.
An ḟaid a ḃí an méid sin ar siúḃal ḃí Taḋg Óg ua Cealla ag déanaṁ an éirliġ, i dteannta na gConaċtaċ, ar ṡluaġ Ṡíguird, agus díoġailt ḃáis a aṫar orṫa. Ḃí a aṫair sínte lastiar dé agus an ḃean ar a glúiniḃ agá ċeann. Cé 'léimfeaḋ ċuige amaċ a' lár an naṁad aċ Aṁlaoiḃ agus a ṫuaġ 'n-a láiṁ aige.
“Taḃarfad a ċeart féin do'n ḟaoḃar anois, a Ṫaiḋg!” arsa Aṁlaoiḃ, agus sar a raiḃ uain ag Taḋg ar an iongnaḋ a ṫáinig air do ċur dé ná ar aon ċosaint a ḋéanaṁ air féin, do ḃuail Aṁlaoiḃ sa ċeann é leis an dtuaiġ. Do ṫuit Taḋg. Ċóṁ luaṫ agus do ṫuit Taḋg cé ċífeaḋ Aṁlaoiḃ 'n-a seasaṁ ar a aġaiḋ amaċ aċ Niaṁ!
D'ḟeuċ an ḃeirt ar a ċéile. Níor ḃ' ionan an ḟeuċaint sin agus an ċéad ḟeuċaint úd a ṫug an ḃeirt ċéadna ar a ċéile. Pé rud a ċonaic Aṁlaoiḃ sa ċéad ḟeuċaint ċonaic sé sa tarna feuċaint rud éigin uaṫḃásaċ, rud éigin a ḃain a ṁeaḃair dé glan. Do ṫuit an t-arm as a láiṁ. Do leaṫ a ḃéal agus a ḋá ṡúil. D'iompuiġ sé ar a ṡáil agus do riṫ sé as an áit. Do riṫ sé i n-am agus ní raiḃ ann aċ san. Ḃí Connla díreaċ ag teaċt agus a ṫuaġ 'n-a láiṁ aige, tuaġ a ḃí ċóṁ dian ar na Loċlanaiġ an lá san le tuaiġ