Ṁurċaḋ féin. Nuair a riṫ Aṁlaoiḃ do riṫ Connla 'n-a ḋiaiġ.
Ḃí Aṁlaoiḃ ċóṁ cosṁail sin le Bruadar gur measaḋ go minic i gcaiṫeaṁ an lae gur ḃ'é Bruadar Aṁlaoiḃ agus gur ḃ'é Aṁlaoiḃ Bruadar. Do deineaḋ an dearṁad céadna go minic i gcaiṫeaṁ an lae i dtaoḃ Ṁurċaḋ agus Ċonnla, go mór mór nuair druideaḋ amaċ sa lá agus nuair a ḃí na fir go léir clúdaiḋṫe le fuil agus le salaċar i dtreó nár ḃ'ḟéidir a ḋ'ḟeisgint cé 'cu a ḃí féasóg ar ḋuine nó ná raiḃ.
Nuair a ċonaic an dá ṡluaġ an ḃeirt ag ruiṫ do buaileaḋ isteaċ láiṫraċ i n-aigne gaċ aoinne gur ḃ'é Bruadar a ḃí ag teiṫeaḋ agus gur ḃ'é Murċaḋ a ḃí ar a ṫóir. Nuair a ċonaic na Loċlanaiġ, dar leó, Bruadar ag teiṫeaḋ agus Murċaḋ ar a ṫóir d'iompuiġdar go léir agus do ṫeiṫeadar. D' eiriġ an liú ḟiaiġ ó-s na Gaeḋlaiḃ mór-ṫímpal i dtreó gur ċriṫ an maċaire fé ċosaiḃ na ḃfear. Nuair airiġ an deiċ gcéad a ḃí ag M'lṡeaċlainn an liú uaṫḃásaċ san níor ḟéadadar fanṁaint socair a ṫuille. Ḃí páirc ṫreaḃṫa idir iad agus an caṫ. Siúd amaċ iad, treasna na páirce agus siúd ar ṫóir na Loċlanaċ iad. Ḋeineadar obair ṁaiṫ, d'á ḋéanaiġe a ṫánadar. Mura mbéaḋ iad ní curfaí ar na Loċlanaiġ an t-ár uaṫḃásaċ a cuireaḋ orṫa. Ḃí na fir a ḃí sa ċóṁrac fan lae ró ḃuailte amaċ le tuirse, an méid díoḃ ná raiḃ cneaḋaċa go tiuġ orṫa agus mórán fola caillte acu.
Do ġluais an teiṫeaḋ agus an tóir agus an marḃuġaḋ. Ṫug na mná aġaiḋ ar na bádaiḃ ċun dul ar bórd na loingeas. Ċuaiḋ an iomad acu isteaċ ins gaċ bád. Ċóṁ luaṫ agus ḋruid na báid amaċ do ċuadar fé uisge agus do báṫaḋ na daoine a ḃí orṫa. Ṫug forṁór na ḃfear a ḃí ag teiṫeaḋ aġaiḋ ar ríġṫeiġlaċ Ṡitric i n-Áṫ Cliaṫ. Ḃí an Tulcain ar an slíġ rómpa, agus ḃí sí ana ḋoiṁinn, mar