Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/337

This page has not been proofread.
333
NIAṀ

ḃí an taoide lán um an dtaca san. Do báṫaḋ na céadta ḋíoḃ sa n-aḃainn sin.

Ḃí Gormḟlaiṫ agus Béibionn ṫuas ar ḃara an ríġṫeiġlaiġ. Ċonacadar an teiṫeaḋ agus an tóir.

“Measaim,” arsa Béibionn, “gur fearr na buanaiḋṫe atá ag obair anois 'ná iad súd a ḃí ag obair i dtusaċ an lae.”

Níor ḋein Gormḟlaiṫ aċ buille ḋorn a ṫaḃairt sa ḃéal di, agus cúpla fiacal a ḃaint aisti.



CAIBIDIOL XV.

AN t-ÁR-ṀÁĠ.

Nuair a riṫ Aṁlaoiḃ do riṫ Connla 'n-a ḋiaiġ, agus ansan do riṫ an méid a ḃí gan marḃuġaḋ de ṁuintir Ṡíguird. Do ġluais ar a dtóir an méid a ḃí ábalta ar ruiṫ des na Conaċtaċaiḃ. Do ġluais Caoilte sa tóir i n-aonḟeaċt leó. Níor ċuaiḋ Caoilte aḃfad. Ḃí ḟios aige go raiḃ Niaṁ sa n-áit 'n-a raiḃ a h-aṫair sínte marḃ. Do ċas sé ṫar n-ais le h-eagla go gcasfaí buiḋean Loċlanaċ sa treó agus go mb’ ḟéidir go mbéaḋ Niaṁ gan ċosaint.

Nuair a ṫáinig sé is aṁlaiḋ a fuair sé a lán de ṁuintir Uíḃ Máine ann roimis, agus de ṁuintir Ṁaoilruanaiḋ na Paidre. Ḃíodar ró ċréaċtnaiḋṫe ċun leanṁaint ar an dtóir, aċ ḃíodar ábalta ar Niaṁ a ċosaint go maiṫ. Ḃí sise ar a glúiniḃ ag ceann cuirp a h-aṫar. Ḃí sagart ann, leis, agus manaċ. Ag taḃairt aire do Ṫaḋg Óg ua Ċealla iseaḋ ḃí an sagart. Ní raiḃ Taḋg Óg marḃ, bíoḋ go raiḃ