Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/339

This page has not been proofread.
335
NIAṀ

Bruadar féin ag ruiṫ 'n-a dtreó ó'n áit 'n-a raiḃ pubal an Árdríġ, agus é ag liúiriġ:—

“Sgaoiltear an focal ó ḃéal go béal!” ar seisean, “gur ṁairḃ Bruadar Brian!”

Siúd ċuige an ḃuiḋean ċosanta do fágaḋ ar ṗubal Ḃriain. Do riṫeadar ar ṫóir na Loċlanaċ agus d'ḟágadar an pubal gan ċosnaṁ. Ṫáinig Bruadar amaċ as an gcoill, mar a raiḃ sé i ḃfolaċ. Fuair sé an t-Árdríġ gan ċosnaṁ, agus ċuaiḋ sé isteaċ agus ṁairḃ sé an t-Árdríġ. Do rug an ḃuiḋean ċosanta ar Ḃruadar agus ċuireadar ċun báis é. Ba ṡuaraċ an leiġeas é sin ar an ndíoḃáil a ḃí déanta. Dá dtugaidís aire do'n ġnó a cuireaḋ 'n-a ċúram orṫa tá gaċ aon deaḃraṁ go mbéaḋ a ṁalairt de sgéal againn go léir, riaṁ ó ṡin agus indiu, seaċas mar atá.

Deir cuid de'n tseanaċus gur ċosain Brian é féin go cróḋa. Ní ḟeadar cé 'cu a ḋein nó nár ḋein, agus is cuma liom. B'ḟearr liom go mór a ḃeiṫ ar ċumas an tseanaċuis a ráḋ gur ċosain na fir é n-ar cuireaḋ mar ċúram orṫa é ċosaint. Is truaġ gan a n-ainimneaċa againn! Ċuireadar pionós ar Ḃruadar. Ba ṁór go léir an leiġeas é sin ar an ḃfaillíġ a ḋeineadar féin; nár ḃ' eaḋ!

Ag teaċt ṫar n-ais ó ṫóir na Loċlanaċ a ḃíodar nuair a ḃuail Bruadar umpa agus an gníoṁ déanta aige. Ḋeineadar go h-aindeis a ngnó!

Nuair a fuair Niaṁ go raiḃ Brian marḃ d' eiriġ sí 'n-a seasaṁ:—

“Téanam!” ar sise le Caoilte agus le Conn. “Caiṫfimíd Connla ḋ'ḟáġail. Tá Brian marḃ, agus is dóċa go ḃfuil Murċaḋ marḃ. Tá Árdríġ againn fós, áṁṫaċ, má tá Connla beó.”

Siúd ċun siúḃal iad. Do leanadar an treó do lean na Conaċtaiġ sa tóir. Ḃí cuid des na Conaċtaiġ ag teaċt ṫar n-ais. D'iompuiġdar i n-aonḟeaċt leis an dtriúr