Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/341

This page has not been proofread.
337
NIAṀ

Ḃí na buiḋeana beaga ag teaċt i gcaiṫeaṁ na h-oíḋċe agus a nduine marḃ féin ag gaċ buiḋin díoḃ. Ṫáinig cuid de ṫeiġlaċ Ṁurċaḋ agus Murċaḋ ar ċróċar acu, aċ ní raiḃ sé marḃ. Ṁair sé go dtí amáireaċ a ḃí ċúġainn. Ḃí na sagairt i n' aice sa n-áit 'n-ar ṫuit sé, anuas ar ṁac ríġ na h-Ioruaiḋe. D'ḟan sagart i n' ḟoċair go dtí gur ṫaraing sé an anál.

Ní raiḃ aon ḃuiḋean a ṫáinig mar sin i gcaiṫeaṁ na h-oíḋċe ná raiḃ Niaṁ a' faire orṫa feuċaint caṫin a ċífeaḋ sí buiḋean ag teaċt agus Connla acu, nó feuċaint caṫin a ċífeaḋ sí Connla féin ag teaċt ar ḃuiḋin acu agus duine aige 'á ṫaḃairt leis. Níor ṫáinig sé mar seo ná mar siúd.

Ṫáinig solus an lae. Do ġlan an ceó.

“Téanam,” arsa Niaṁ le Caoilte agus le Conn, “go gcuardaiġmíd an maċaire feuċaint a' ḃfaiġmís Connla beó nó marḃ.”

Ġluaiseadar amaċ. Ṫánadar ar áit an ċaṫa. Ba ġrána an raḋarc an uair sin é mar ṁaċaire. Ḃí an talaṁ go léir, ó Ḃinn Éadair go h-Áṫ Cliaṫ agus ó ċiúṁais na tráġa aḃfad amaċ sa tír, clúdaiġṫe le corpaiḃ daoine. Ḃí, anso agus ansúd ar fuaid an ṁaċaire, rudaí beó ag gluaiseaċt ameasg na gcorp. Daoine ab eaḋ cuid des na rudaíḃ beó san, daoine a ḃí ag lorg corp a gcarad féin. Biṫeaṁnaiġ ab eaḋ cuid des na rudaíḃ beó; biṫeaṁnaiġ a ḃí ag guid an tsaiḋḃris agus na n-órnáidí a ḃí ar ċorpaiḃ na Loċlanaċ uasal agus na n-Éireanaċ uasal. Gaiḋir ab eaḋ cuid des na rudaíḃ beó, leis; gaiḋir ġrána ṁóra, ċontaḃarṫaċa, a ṫáinig isteaċ ó'n dtír nuair a rug an ġaoṫ balaiṫ na fola amaċ ag triall orṫa.

Ṡiúḃluiġ Niaṁ agus a cualaċt an maċaire, soir agus siar agus anonn agus anall, aċ ní ḃfuaradar aon raḋarc ar aon ċorp go raiḃ aon cosaṁlaċt aige le Connla. Do ċíoḋ Niaṁ uaiṫe, go minic, corp a ḃíoḋ, dar léi, cosṁail le