ṫáinig Niaṁ ċonaic sí ḋá ċorp sínte ar an bport i n-aice 'ċéile. D'aiṫin sí láiṫreaċ iad. Aṁlaoiḃ agus Connla isiad a ḃí ann. D' aiṫin gaċ aoinne Connla. Ṁeas cuid de'n luċt oibre gur ḃ' é Bruadar an fear eile. D'inn- seadar do Niaṁ, agus do'n ṁuintir a ḃí le n-a cois, gur ḃ' aṁlaiḋ a fuaraḋ an ḃeirt agus cruaċ ṁór de ċorpaiḃ Loċlanaċ anuas orṫa, agus ḋá láiṁ Ċonnla daingean i ḃfolt Aṁlaoiḃ, agus a ċorp anuas ar ċorp Aṁlaoiḃ.
D'ḟeuċ Niaṁ ar an mbeirt agus iad sínte i n-aice 'ċéile, go breaġ socair. Ḃí ḋá ṡúil Aṁlaoiḃ ar dian-leaṫaḋ, agus ḃí 'n-a ṡeasaṁ ionta, agus 'n-a ġnúis ar fad, an sgeón millteaċ a ċonaic sí ionta díreaċ nuair a ṫuit an tuaġ as a láiṁ agus do ṫeiṫ sé. Ḃí gnúis Ċonnla ċóṁ sáṁ, ċóṁ socair, ċóṁ suaiṁneasaċ agus dá mba 'n-a ċodla ḃéaḋ sé. Ċóṁ luaṫ agus do ċonaic sí iad do ḃánuiġ a h-aġaiḋ i dtreó go dtáinig Caoilte agus Conn 'n-a h-aice, duine acu ar gaċ taoḃ di. Ṁeasadar go raiḃ sí i rioċt tuitim. Ní raiḃ. Do ġáir sí nuair a ċonaic sí an t-eagal orṫa. Ṫáinig sí ar a glúiniḃ i n-aice Ċonnla agus ċrom sí ar ṗaidir a ráḋ le n' anam. Ṫáinig an ḃeirt eile ar a nglúiniḃ agus dúḃradar an ṗaidir i n-aonḟeaċt léi.
“Go maiṫiḋ Dia do ṗeacaí ḋuit, a Aṁlaoiḃ!” ar sise, “agus dúinn go léir.”
D'eiriġdar. Ḋeineadar cróċar agus ċuireadar corp Ċonnla air, agus do rugadar leó é ċun an longṗuirt.
“Dob' uaṫḃásaċ an caṫ é!” arsa Conn agus iad ag teaċt, “agus is fada a ḃeiḋ cuiṁne i n-Éirinn air.”
“Is fada,” arsa Caoilte, “agus an ḃfuil ḟios agat cad a ċuirfiḋ iongnaḋ ar an saoġal go deó?”
“Cad a ċuirfiḋ?” arsa Conn.
“An deiċ gcéad úd go raiḃ na h-éidí mitil orṫa tá an uile ḋuine acu marḃ!” arsa Caoilte.
“An uile ḋuine acu!” arsa Conn.
“An uile ḋuine riaṁ acu”, arsa Caoilte.