ab eaḋ é. Tar éis an ċaṫa ċuaiḋ cuid d'á ṁuintir i mbuiḋin Ḋonċaḋ, ṁic Ḃriain, agus ṫáinig cuid acu i mbuiḋin Ṫaiḋg Óig uí Ċealla. Ḃíoḋ Caoilte mar ḟear teangan idir iad agus na Gaeḋil. Ḃí cuid acu gunta go dian, agus do tugaḋ aireaċas dóiḃ ċóṁ maiṫ díreaċ agus a tugaḋ dos na Gaeḋlaiḃ féin.
Cáirde ab eaḋ muintir Ospaic, aċ ḃí cuid de ṁuintir a ḋriṫár ann, leis, agus do tugaḋ an t-aireaċas céadna ḋóiḃ, bíoḋ gur ḃ'é an driṫáir sin a ḋein an gníoṁ ba ṁeasa ar na Gaeḋlaiḃ d'ár deineaḋ sa ċaṫ, .i. marbuġaḋ Ḃriain.
Ḃí aon ḟear aṁáin ann agus níor féadaḋ a ḋéanaṁ amaċ ar feaḋ aḃfad cé 'r ḃ'é ná cár ḃ' as é. Ḃí sé ar éadtromaċt. Ḃain éirleaċ an lae sin a ṁeaḃair ṡaoġalta ḋé. Ḃí focal éigin aige d'á ráḋ coitċianta, aċ níor ṫuig aoinne é go dtí gur ṫáinig Caoilte ċuige. Fuair Caoilte amaċ uaiḋ gur adtuaiḋ ar fad ó Inis Tuile a ṫáinig sé. Isé focal a ḃíoḋ 'n-a ḃéal aige, agus nár tuigeaḋ, 'ná: “A Ṗeadair Naoṁṫa taḃair saor ó'n lá so mé agus raġaiḋ mé trí h-uaire go dtí an Róiṁ ag triall ort am' ṁaidirín!”
Do tugaḋ saor ó'n gcaṫ é. Ṫáinig a ṁeaḃair dó i ndiaiġ ċéile nuair a fuair sé an caradas agus an t-aireaċas. Ansan ní ṡásóċ' aon rud é aċ go gcaiṫfeaḋ Niaṁ an Creideaṁ a ṁúineaḋ ḋó. B'éigean do Ċaoilte ḃeiṫ sa ṁúineaḋ, leis, go dtí go raiḃ an fear boċt ábalta ar an nGaeluinn a ṫuisgint.
Do ġlac na Loċlanaiġ eile a ḃí ann an Creideaṁ, leis, ċóṁ luaṫ agus do féadaḋ é ṁúineaḋ ḋóiḃ. Is aṁlaiḋ a deiridís, an Creideaṁ a ḃí ag Niaṁ go raiḃ sé maiṫ a ḋóṫin d' aoinne sa doṁan; ná féadfaḋ sé gan ḃeiṫ 'n-a Ċreideaṁ ḟóġanta agus é ḃeiṫ ag Niaṁ. Ansan, nuair a múintí ḋóiḃ é, do ṫuigidís a ṁaiṫeas agus a ṫairḃṫe ann féin.
Fé ḋeire ṫiar ṫall ḃí na daoine gunta, an méid ná fuair