Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/351

This page has not been proofread.
347
NIAṀ

Ní raiḃ aon ṁaiṫ ann. Ṫáinig an bia. Dúḃairt Niaṁ é ċur i gcoimeád agus go ḃféadfaí é ṫaḃairt do ḋaoine boċta ar ball.



CAIBIDIOL XVII.

“NA MÍLTE OLOGÓN”.

Nuair a ṫáinig Niaṁ agus a cualaċt go Ceann Cora ḃí duḃaḋ na gcnuc agus na gcoillte de'n uile ṡaġas daoine cruinniġṫe roímpi ann. Do h-airiġeaḋ i n-Uíḃ Máine go raiḃ na trí buiḋeana, i n-aon ḃuiḋin aṁáin, ag dul i n-aonḟeaċt go Ceann Cora, agus do ġluais an uile ḋuine sa dúṫaiġ sin n-a raiḃ ann siúḃal i n-aon ċor, soir óḋeas go Ceann Cora. Do h-airiġeaḋ an sgéal céadna i n-Uíḃ Ḟiaċraċ Áiḋne agus do deineaḋ an ġluaiseaċt ċéadna. Ṫáinig, i n-aonḟeaċt leis an dá ċine sin, gaċ aon treaḃċas go raiḃ cuid d'á ndaoine sa ċaṫ, feuċaint an mór acu a ḃí ag teaċt aḃaile slán, nó beó féin.

An rud a h-airiġeaḋ ṫiar i n-Uíḃ Máine agus i n-Uíḃ Ḟiaċraċ Áiḋne do h-airiġeaḋ é ṫeas i gCiarraiġe Luaċra agus ins na tíorṫaiḃ mór-ṫímpal, agus do ġluais na daoine as na tíorṫaiḃ sin, díreaċ mar a ġluais na daoine as na tiorṫaiḃ ṫuaiḋ, fé ḋéin Ċinn Cora.

Nuair a ṫáinig na trí buiḋeana do cuireaḋ trí gárṫa móra fáilte rómpa. Do tógaḋ na gárṫa airís agus airís eile, ḃí a leiṫéid sin d' áṫas ar na daoine a ḃí ag feiṫeaṁ nuair a ċonacadar tagaiṫe an ṁuintir a ḃí uaṫa. Ḃí áṫas an doṁain ar an muintir andeas nuair a ċonacadar Caoilte agus Lonán. Ḃí áṫas ba ṁó 'ná an t-áṫas san