Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/352

This page has not been proofread.
348
NIAṀ

féin ar ṁuintir Uíḃ Máine nuair a ċonacadar Niaṁ agus a driṫáir, agus ḃí áṫas ċóṁ mór leis an áṫas san ar ṁuintir Uíḃ Ḟiaċraċ Áiḋne nuair a ċonacadar Conn. Ní h-ar a ṁuintir féin aṁáin a ḃí áṫas mór i dtaoḃ Ċuinn do teaċt slán, aċ ar an uile ḋuine d'á raiḃ tagaiṫe sa n-áit. Ógánaċ deaġ-ċroíḋeaċ, uasal, fóġanta, diaḋa, ab eaḋ é, mar ba ḋual aṫar dó ḃeiṫ, agus ḃí cion ag gaċ aoinne, ṫuaiḋ agus ṫeas, air.

Tar éis na ḃfáiltí do ṫáinig an fiafraiġe. Fuair muintir Uíḃ Máine amaċ gur fágaḋ Taḋg Mór agus forṁór na ḃfear a ḃí le n-a ċois sínte ṫíos i gCluain Tairḃ. Fuair muintir Uíḃ Ḟiaċraċ amaċ gur ḃ'é an sgéal céadna acu féin é. Fuair muintir Ċiarraiġe amaċ gur fágaḋ a ríġ féin agus na fir a ḃí aige sa n-áit ċéadna. Ar ball do fuair gaċ aoinne amaċ gur fágaḋ duine leis féin ṫíos, nó b'ḟéidir beirt, nó b'ḟéidir triúr. Ansan iseaḋ ḋ' eiriġ na gárṫa, agus níor ġárṫa áṫais iad aċ gárṫa goil. Ansan iseaḋ ḋ' eiriġ “na mílte ologón”! Na mná do ṫusnuiġ é. Ḃíodar ag sileaḋ ar dtúis ar feaḋ tamail. Ansan do ċas bean ologón. Ansan do ġluais an t-éirleaċ lógóir- eaċta ó n-a raiḃ de ṁnáiḃ sa n-áit. Ní raiḃ bean ann gan a fear nó a mac nó b' ḟéidir an ḃeirt i n-aonḟeaċt i n-easnaṁ uirṫi.

Ansan dúḃairt duine éigin, “Ó! cá ḃfuil Brian!”

Dúḃairt duine eile, “Cá ḃfuil Murċaḋ! Agus cá ḃfuil Dúlainn! Agus cá ḃfuil Connla!”

Ansan do ċas na fir “na mílte ologón,” agus ḃuaileadar a mbasa. Fir láidire ċruaḋa. Fir go raiḃ taiṫiġe acu ar bás agus ar ċogaḋ agus ar ár, agus gur ró ḋeacair osna ḃaint ó'n gcroíḋe acu ná deór a ḃaint ó n-a súiliḃ.

Is 'mó duine a ḋ'ḟéadfaḋ éisteaċt le gol agus le h-ologón ó ṁnáiḃ agus ná bainfí aon ċoruiġe as a ċuid