Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/353

This page has not been proofread.
349
NIAṀ

fola. Aċ nuair a ḃainean buairt uaṫḃásaċ fásgaḋ a' croíḋe fir i dtreó go gcaiṫean sé an t-ologón do sgaoileaḋ amaċ 'n-a lán neart nó go bpléasgfaḋ a ċroíḋe istiġ 'n-a ċliaḃ, is deacair d' aoinne éisteaċt le gol an ḟir sin gan toċt agus fásgaḋ do teaċt ar a ċroíḋe féin ná sgarfaiḋ a ċuiṁne leis an ċuid eile d'á ṡaoġal.

Nuair a ġluais an gol ḃí Niaṁ ag sileaḋ. Níor airiġ aoinne a guṫ an ḟaid ná raiḃ ag gol aċ na mná. Aċ nuair eiriġ gol na ḃfear, agus nuair airiġ sí ainim Ḃriain agus ainim Ṁurċaḋ agus ainim Ċonnla agus ainim a h-aṫair, do ġluais an t-ologón uaiṫi ċóṁ h-árd agus do ġluais sé ó aoinne eile d'á raiḃ ann.

Ḃí Colla ann, agus cuid des na sagairt agus des na manaiġ, aníos ó Inis Caṫaiġ. Do sgaoil sé leis an ngol ar feaḋ tamail. Ansan ṫáinig sé anáirde ar árdán agus ċrom sé ar ċaint. Do stad an gol i n-aice na h-áite 'n-a raiḃ sé ag caint. I ndiaiġ ar ndiaiġ do stad an gol ins gaċ aon ḃall, agus ḃí na daoine go léir ag éisteaċt leis. Seo mar a laḃair sé:—

“A ḋaoine,” ar seisean, “ní h-aon iongnaḋ ḋúinn go léir buairt ár ndóṫin a ḃeiṫ orainn.” (Ḃí a ḋá ṡúil féin fliuċ go maiṫ). “Tá cúis ġuil againn má ḃí sé ag aon daoine riaṁ. Aċ seo rud náċ ceart ḋúinn a ḋearṁad i lár ár mbuarṫa. Tá áḋbar áṫais againn indiu má ḃí áḋḃar áṫais ag aon daoine riaṁ. Do buaileaḋ, ṫíos i gCluain Tairḃ, an lá fé ḋeire, caṫ nár buaileaḋ a leiṫéid i n-Éirinn ní fios cad é an ḟaid ó ṡin. Do buaileaḋ an caṫ san idir Ġaeḋlaiḃ Éirean agus Loċlanaiġ an doṁain. Dá ḃfaġaḋ na Loċlanaiġ an láṁ uaċtair sa ċaṫ san is ag na Loċlanaiġ a ḃéaḋ an t-oileán so na h-Éirean indiu. Ní fágfaí oiread agus fód de ṫalaṁ na h-Éirean againn! Ṫug na Loċlanaiġ leó a mná agus a gclann, ḃíodar ċóṁ ceapaiṫe sin ar ṫalaṁ na h-Éirean do ġlacaḋ ċúċa féin agus ar