Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/354

This page has not been proofread.
350
NIAṀ

ṡlioċt Gaeḋal do ḋísgiuġaḋ, do ċur ċun báis, do ġlanaḋ as an oileán gur oiread agus duine acu ḋ'ḟágáilt beó ann. Ṫug Dia ḋúinn, (molaḋ agus glóire agus buiḋċas leis!) gur ḃuaiḋ Brian agus a ṁór-ṡluaġ orṫa. Do ṫuit Brian agus a lán d'á ṁór-ṡluaġ sa ċaṫ. Dá dtugaḋ Dia, mar geall ar ár bpeacaíḃ-ne, an buaḋ dos na Loċlanaiġ, do ṫuitfeaḋ Brian agus a ṁór-ṡluaġ go léir, agus ansan do ṫuitfimís-ne go léir, ins gaċ aon ṗáirt d' Éirinn. Dá mbéaḋ an buaḋ ag na Loċlanaiġ ní ḟágfaidís Brian ná aoinne d'á ṁór-ṡluaġ beó, agus ḃéidís ag gluaiseaċt anois ar fuid na h-Éirean ag marḃú' na ḃfear aosda agus na mban agus na leanḃ agus ní ḃéaḋ Brian ná aoinne d'á ṁór-ṡluaġ ann ċun iad do ċosaint.

“Má ḟeuċaim am' ṫímpal anois anso agus má ḟéadaim a ḋ'ḟáġail amaċ cé h-í an ḃean is mó atá creaċta leis an gcaṫ so, deirim léi, agus is fíor ḋom é, gur mó go mór an t-áḋḃar áṫais atá taḃarṫa ag an gcaṫ ḋí 'ná an t-áḋḃar buarṫa atá taḃarṫa aige di. Is mó atá sí buaiḋte leis an gcaṫ 'ná mar atá sí caillte leis. Pé méid d'á muintir atá tuitiṫe sa ċaṫ, ḃéidís tuitiṫe ann d'á ngaḃaḋ an caṫ 'n-ár gcoinniḃ, agus ḃéaḋ sí féin agus an ċuid eile acu marḃ um an dtaca so ag an sluaġ Loċlanaċ a ḃéaḋ leaṫta anois ar fuid na h-Éirean agus iad ar buile ag déanaṁ díoltais orainn mar ġeall ar ḋéine an ċaṫa.

“Cuirimís uainn an gol, d'á ḃríġ sin, agus an ḃuairt, agus i n-inead ḃeiṫ ag gol agus ag déanaṁ buarṫa, tugaimís ár mbuiḋċas ó ċroíḋe do Ḋia na glóire mar ġeall ar an gcuma 'n-ar ṫug sé saor sinn ó n-a leiṫéid de ċontaḃairt. Nuair a ḋ'eireóċaiḋ an ḃuairt i n-ár gcroíḋe cuirimís ċúġainn féin an ċeist seo. Conus a ḃéaḋ an sgéal againn anois dá mb' ag na Loċlanaiġ a ḃéaḋ an buaḋ?

“Tá ḟios agaiḃ-se ċóṁ maiṫ agus atá ḟios agam-sa conus