Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/359

This page has not been proofread.
355
NIAṀ

laḃair sí aon ḟocal amaċ as a béal. D'ḟeuċ an ḃeirt eile uirṫi go dlúṫ agus go daingean, leis, agus níor stadadar aċ 'ġá molaḋ.

“Ba ṁaiṫ liom laḃairt leat-sa, a Aṫair,” arsa Niaṁ le Colla.

D'imṫiġdar i leiṫ taoiḃ.

“A leiṫéid seo, a Aṫair,” ar sise. “Tá m' aigne socair agam le mórán aimsire ar mé féin a ṫaḃairt suas do'n tSlánuiġṫeóir i dtiġ ban riaġalta. Ba ṁaiṫ liom do ċóṁairle ḋ'ḟáġail, a Aṫair, i dtaoḃ an teiġlaiġ ban riaġalta ionar ceart dom dul, do réir do ḃreiṫeaṁ- antais.”

“Ar ṁiste ḋom a ḋ'ḟiafraiġe, a 'nġean ó,” ar seisean, “cad é an ḟaid aimsire ó ṡocaruiġis an níḋ san at' aigne ar dtúis?”

“Ḃí sé am' aigne, a Aṫair, ar feaḋ aḃfad,” ar sise, “sar ar ḋainginiġ sé ann. Ní dóiċ liom go ḃféadfainn a ḋ'innsint duit cruinn, a Aṫair, cad é an ḟaid atá sé daingean, aċ tá sé daingean le tamal maiṫ.”

Do stad sé ar feaḋ tamail.

“An dóiċ leat, a 'nġean ó,” ar seisean, “an ḃféadfá a ḋ'innsint dom cad a ċuir an níḋ sin isteaċ at' aigne ar dtúis?”

“Féadfad,” ar sise. “Nuair a ṫusnuiġ an t-ollṁuċán i gcóir an ċogaiḋ ṁóir seo atá curṫa ḋínn againn ṫugas fé ndeara conus mar a ḃí na fir go léir 'ġá ċeapaḋ agus ‘ġá ṡocarú’ 'n-a n-aigne go ndéanfaidís íḋbirt anama ar son na h-Éirean agus ar son an Ċreidiṁ. Ní raiḃ aoinne ba ġéire 'ġá gcur go léir suas ċun na h-íḋbirte sin a ḋéanaṁ 'ná mise. Ansan do ṫuigeas am' aigne, nuair ná raiḃ ar mo ċumas an íḋbirt a ḋéanaṁ ar an gcuma 'n-a raḃdar-san 'ġá déanaṁ, gur ḃ' é ba lúġa ba ġann dom í ḋéanaṁ ar an gcuma 'n-a raiḃ ar mo ċumas í ḋéanaṁ.