“Tá go maiṫ, a 'nġean ó,” arsa Colla. “Déanfad-sa an níḋ seo atá agat d'á iaraiḋ orm. Ní mór ḋom, áṁṫaċ, beagán aimsire ċuige. Cuirfead sgéala ċúġat óṫuaiḋ ċóṁ luaṫ agus ḃeiḋ an áit ceapaiṫe agam agus gaċ aon rud socair agam.”
Do sgaradar. Ḃí Taḋg agus Caoilte imṫiġṫe ar fuid na mainistreaċ; Taḋg ag taisbeáint na mainistreaċ do Ċaoilte, agus Caoilte ag cur aiṫne ar na manaċaiḃ, go mór mór ar an muintir go raiḃ sean-aiṫne ag Taḋg orṫa.
Seaċtṁain díreaċ i ndiaiġ an lae sin ṫáinig Colla féin go h-Uíḃ Máine. D'imṫiġ Taḋg agus Niaṁ agus é féin soir go Cill Dara, go teiġlaċ Ḃríġde. Ḃí áṫas nár ḃ'ḟéidir a ḋ'innsint ar Ċóṁarba Ḃríġde agus ar an uile ḋuine des na mnáiḃ riaġalta nuair a fuaradar go raiḃ Niaṁ le fanṁaint acu. D'ḟan sí acu, agus má ba ġaṫ gréine í fadó, ag teaċt i gcuideaċtain, i dteiġlaċ a h-aṫar, b'í an gaṫ gréine céadna í ag gluaiseaċt ameasg na maiġdean naoṁṫa, i dteiġlaċ Ḃríġde, go dtí gur lean sí a h-aṫair.
CRÍOĊ.