agus agat' ṡlóiġtiḃ Gaeḋal 'á ċur le cóṁaċt na nDanar anso i n-Éirinn go mbeidís ċúġainn óḋeas fadó ag marḃuġaḋ agus ag losgaḋ agus ag creaċaḋ. Níor ṁaiṫ leó aġaiḋ a ṫaḃairt óḋeas go dtí go mbéaḋ greim i gceart acu ar Éirinn, agus a gcóṁaċt suiḋte daingean acu sa n-oileán. Dá mbéaḋ Sasana agus Alba agus Éire acu fé n-a lán-smaċt do ḃéaḋ caoin acu go h-áluinn ar a gcóṁaċt do leaṫaḋ óḋeas ar an Euróip, i ndiaiġ ar ndiaiġ, agus ḃéaḋ na h-oileáin seo acu mar ċúl dín agus mar ḃunáit ċun ollṁúċáin. Mura mbéaḋ tusa, a ríġ, do ḃéaḋ an greim a ḃí uaṫa acu ar oileán na h-Éirean um an dtaca so, fé mar atá acu ar Ṡasana. Ní h-eaḋ aċ aḃfad roimis an dtaca so. Ansan iseaḋ ḃéaḋ an sgéal go h-olc ag an gCreideaṁ agus ag gaċ níḋ i ḃfuirm léiġinn agus eóluis agus nósṁaireaċta ar fuid na Críostaiḋeaċta. Tá an saoġal go léir buiḋeaċ díot, a ríġ, agus tá gaċ aoinne ag guiḋe go cruaiḋ ċun Dé ar do ṡon, 'ġá iaraiḋ ar Ḋia neart cuirp agus neart aigne do ḃronnaḋ ort agus faid saoġail a ṫaḃairt duit, ċun na h-oibre ata agat 'á ḋéanaṁ do ċríoċnú' go beaċt.”
“Cuirean sé áṫas mór orm, a Ṫiġearna Easboig,” arsa Brian, “a ḟios a ḃeiṫ agam go dtuigean an Pápa ċóṁ maiṫ san an obair seo atá againn 'á ḋéanaṁ anso i n-Éirinn. Is truaġ ċráiḋte ná tuigid ár ndaoine féin, leaṫ ċóṁ maiṫ, bríġ agus bunús an sgéil. Dá gcuirimís go léir le ċéile d' ḟéadfaimís a ḃfuil de Ḋanaraiḃ i n-Éirinn do ṁarḃuġaḋ nó do ḋíbirt i n-aon ċeiṫre h-uaire fiċid aṁáin. Ní'l aon níḋ is deacra ċur isteaċ i n-aigne na nGaeḋal, cuid acu pé 'r doṁan é, 'ná aon ḃaoġal a ḃeiṫ go ḃféadfaiḋ Loċlanaiġ ċoíḋċe greim daingean a ḋ'ḟáġail ar an oileán so na h-Éirean. Ní'l ríġ cúige againn ná measan go ḃféadfaḋ sé féin a ḃfuil de Ḋanaraiḃ i n-Éirinn do ṁarḃú' nó do ḋíbirt amáireaċ dá mba ṁaiṫ leis é, gan