maiṫ iseaḋ M'lṡeaċlainn. Fear tréan cuṫaiġ iseaḋ é. Aċ ní dóiċ liom go ḃfuil aon ġráḋ ró ṁór aige ḋóṁ-sa. Is maiṫ leis congnaṁ a ḋ'ḟáġail ó Ḋál gCais nuair a ḃíd na Loċlanaiġ ag brúṫ ró ḋian air, aċ tá ḟios agam go maiṫ gur ḃ' ḟearr leis go mór iad do ċur fé ċois le neart a láiṁe féin, dá ḃféadaḋ sé é, ná aon ċongnaṁ ḟáġail uaim-se.”
“Ba ḋóiċ liom, dá dtuigeaḋ sé a ḋualgas Árdríġ i gceart gur b'aṁlaiḋ a ḋ' iarfaḋ sé an congnaṁ ort agus go dtaḃarfaḋ sé le tuisgint duit gur ḃ'é a ċeart an congnaṁ a ḋ'ḟáġail. Ba ḋóiċ liom gur b'é ceart an Árdríġ a ḃeiṫ ar a ċumas glaoḋaċ ċuige ar a ḃfuil de neart sa n-oileán go léir, agus an neart go léir do ġleusaḋ agus do stiúruġaḋ i n-aġaiḋ naṁad iasaċta,” arsa'n t-Easbog.
“Siné a déarfaḋ fir Éirean, a Ṫiġearna Easboig. Siné a déarfaḋ aoinne a ḋéanfaḋ maċtnaṁ ar an sgéal. Is eagal liom ná tuigean an t-Árdríġ an níḋ sin i gceart. Siné fé ndeara ḋom an tsíṫċáin seo atá anois againn i Leaṫ Ṁoġa do ċur i gcomparáid le lá breaġ gréine ná feadair aoinne caṫin a ḋ'iompóċ' sé ċun tóirṫniġe agus ċun éirliġ. Dá dtagaḋ aon neart mór des na Loċlanaiġ seo isteaċ ċúġainn agus go mbéaḋ M'lṡeaċlainn a d'iaraiḋ iad do ċlaoiḋ le neart a ṫeiġlaiġ féin i n-inead neart na h-Éirean go léir do ċruinniuġaḋ agus do ġleusaḋ 'n-a gcoinniḃ, do ḃuaḋfaidís ar Ṁ'lṡeaċlainn. Ansan do ḃuaḋfaidís ar Éirinn go léir i ndiaiġ ċeile, mar ní ḃéaḋ aoinne ċun nirt na h-Éirean do ċruinniuġaḋ agus do ġleusaḋ agus do stiúruġaḋ 'n-a gcoinniḃ”.
“Ba ḋóiċ liom, a ríġ,” arsa'n t-Easbog, “gur b' ṡin rud agus gur ċeart d'ḟearaiḃ Éirean feuċaint ċuige i n-am. Ba ċeart a ċur ar a ṡúiliḃ do'n Árdríġ gur b'é a leas, agus leas na tíre go léir, gan ḃeiṫ ag feiṫeaṁ le naṁaid