iasaċta do ṫeaċt ċuige ṫar faraige sar a ndéanfaḋ sé é féin d' ollaṁuġaḋ ḋóiḃ. An t-Árdríġ ná h-ollṁóċaiḋ é féin roim ré, aċ a ḃeiḋ ag feiṫeaṁ go dtagaiḋ an naṁaid, tiocfaiḋ an naṁaid air agus ní ḃeiḋ sé ollaṁ.”
“Is fíor san, a Ṫiġearna Easboig,” arsa Brian. “Ba ċeart d' Árdríġ Éirean neart na h-Éirean a ḃeiṫ gleusta i gcóṁnuiġe aige, i n-aġaiḋ naṁad na h-Éirean. Fé mar a ḃí an Ḟian ag Fionn, nó fé mar a ḃí curaí na Craoiḃruaiḋe ag Conċuḃar. Dá mbéaḋ san aṁlaiḋ d' ḟanfaḋ Loċlanaiġ amaċ anois fé mar a ḋ'ḟan slóiġte na Róṁa amaċ an uair sin.”
CAIBIDIOL VIII.
AN BOSCA.
Ċomáineadar leó ar an gcuma san ag caint agus ag cur ṫré ċéile go dtí go dtáinig aimsir codlata. Nuair a ḃíodar go léir imṫiġṫe a ċodla ċuir an t-Abb fios ar Aṁlaoiḃ. Ṫáinig Aṁlaoiḃ.
“Seo, a ṁic,” arsa'n t-Abb, “eoċair an ċórṫa iarainn atá sa n-érdam duit, agus taḃair ċugam anseo an bosca iarainn atá istiġ sa ċórṫa. Istiġ sa ḃosca iarainn san iseaḋ 'tá an ċailís óir úd a ṫug Brian dúinn. Déarfaiḋ an t-Easbog so a ṫáinig ó'n Róiṁ Aifrean Árd anso amáireaċ dúinn i láṫair an ríġ, agus ní mór an ċailis óir sin a ṫaḃairt dó ċun an Aifrinn sin do ráḋ.”
D'imṫiġ Aṁlaoiḃ agus do rug sé an eoċair leis. Níor ḃ'ḟada gur ṫáinig sé agus an bosca iarainn aige.
“Cuir ansan ar an gclár é, a ṁic,” arsa'n t-Abb.