Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/42

This page has not been proofread.
38
NIAṀ

tuairisg, um ṫráṫnóna an lae roimis sin, go raiḃ Legáid an Ṗápa tagaiṫe go h-Inis Caṫaiġ agus go raiḃ Brian agus a ṫeiġlaċ tagaiṫe ann ag cur fáilte roimis an Legáid, agus go raiḃ an t-Aifrean Árd le ráḋ, agus beannaċt an Ṗápa le taḃairt do'n ríġ agus dos na manaiġ agus do'n ṗobul. Aḃfad sar a dtáinig am an Aifrinn ḃí na daoine cruinniġṫe isteaċ ar an oileán ó'n dtír mór-ṫímpal i dtreó gur ḋóiċ leat go raiḃ an t-oileán clúdaiġṫe acu.

Dúḃraḋ an t-Aifrean. Do tugaḋ beannaċt an Ṗápa do'n ṗobul agus do'n ríġ, agus do ṫug Colla seanamóin áluinn uaiḋ. Fear ana léiġeanta, ana ḋeaġ-laḃarṫa, ab eaḋ é. Ḃí ruiṫ cainte aige agus uċtaċ láidir, ceólṁar, binn, agus dá mbéaḋ sé ag caint go h-oíḋċe ba ḃreáġ leis an bpobul ḃeiṫ ag éisteaċt leis. D'inis sé ḋóiḃ conus mar a ṫáinig an t-Easbog san ó'n Róiṁ, ó'n bPápa, agus conus mar a ċuir an Pápa a ḃeannaċt ó ċroíḋe ar Ḃrian agus ar a ṡlóiġtiḃ agus ar Ċlannaiḃ Gaeḋal go léir mar ġeall ar na gníoṁarṫa móra a ḃí acu 'á ḋéanaṁ i n-aġaiḋ naṁad an Ċreidiṁ. D'inis sé conus mar a ḃí aiṫne an uair sin ar Ḃrian, ní h-aṁáin ar fuid na h-Éirean go léir aċ ar fuid na h-Euróipe go léir, mar go raiḃ gníoṁarṫa Ḃriain i gcoinniḃ na Loċlanaċ ag sáḃáil na h-Euróipe ó léirsgrios de ṡaġas an léirsgriosa úd a ṫáinig uirṫi nuair a ṫáinig na geinte fiaine adtuaiḋ agus ġaḃdar de ċosaiḃ i gcóṁaċt agus i ngradam agus i nósṁaireaċt ímpireaċta na Róṁánaċ. Dúḃairt sé, mura mbéaḋ Brian go mbéaḋ Éire ag na Loċlanaiġ um an dtaca san mar áit ḃunaiġ ċun a neart do ċruinniuġaḋ agus do ġleusaḋ, i dtreó go ḃféadfaidís a gcóṁaċt do leaṫaḋ óḋeas ar ċríoċaiḃ na h-Euróipe ar fad, agus ná raiḃ ṫeas ná ṫuaiḋ sa n-Euróip an uair sin aon tsaġas cóṁaċta a ḋ'ḟéadfaḋ cosg do ċur leó, murar ḃ' ionan a's sé ċéad blian roimis sin nuair a ḃí cóṁaċt na Róṁánaċ ann ċun seasaiṁ éigin a ḋéanaṁ i