Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/47

This page has not been proofread.
43
NIAṀ

Ṫáinig Aṁlaoiḃ.

“Seo, a Aṁlaoiḃ,” arsa Colla, ag síneaḋ na h-eoċraċ ċuige, “imṫiġ agus taḃair ċúġainn anso an bosca iarainn úd n-a raiḃ an ċailís óir ann.”

D'imṫiġ Aṁlaoiḃ agus ṫug sé leis an bosca, agus ċuir sé ar an mbórd é i ḃfianaise na beirte.

“Imṫiġ-se a ċodla anois, a ṁic ó,” arsa Colla leis. “Ní foláir nó tá codla ort agus tuirse tar éis an lae.”

Ansan d'osgail Colla an bosca iarainn agus ṫaisbeáin sé do'n Legáid é, agus d'inis sé ḋó cúrsaí na cailíse.

“Is cuiṁin liom an ċailís sin go h-áluinn,” arsa'n Legáid. “Ḃí sí am' láiṁ agam go minic. Cailís ana ḋaor ab eaḋ í. Anoir ó Ċaṫair Ċonstantín a cuireaḋ ar dtúis í ó'n Ímpire, mar ḃronntanas ċun an Ṗápa. Mise adúḃairt gur ċeart í ċur anso go h-Éirinn ag triall ar Ḃrian. Is mór an truaġ í ḃeiṫ imṫiġṫe.”

Ansan do ċeistiġ sé Colla go dlúṫ i dtaoḃ na n-eoċraċ, agus conus a ḃí coimeád orṫa, agus cé r' ḃ'é an gaḃa a ḋein iad, agus cé r' ḃ'é an gaḃa a ḋein an bosca iarainn. D'imṫiġ sé féin amaċ ċun an érdaim go ḃfeicfeaḋ sé an córṫa daingean n-a raiḃ an bosca iarainn fé ġlas istiġ ann. Nuair a ḃí gaċ aon rud feiciṫe, trialta, iniúċta go maiṫ aige ṫáinig sé ṫar n-ais agus do ṡuiġ sé agus ḋein sé a ṁaċtnaṁ. Nuair a ḃí a ṁaċtnaṁ déanta aige do laḃair sé.

“Inis dom, a Ċolla,” ar seisean, “cá raiḃ an ċailís sar ar tugaḋ do'n ṁainistir seo í.”

“Ḃí sí ṫoir i gCeann Cora gan aṁras,” arsa Colla.

“Cé aige go raiḃ sí i gcoimeád i gCeann Cora?” arsa'n Legáid.

“Is dóċa go raiḃ sí i gcoimeád ag an mBanríġin, a Ṫiġearna Easboig,” arsa Colla.

Do stad an Legáid agus ḋein sé maċtnaṁ eile. Do laḃair sé airís.