Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/51

This page has not been proofread.
47
NIAṀ

eile acu, agus uaireanta d'eiríġeaḋ argóint ṫeiṫ idir ḃeirt a ḃí sa n-aon ċaṫ aṁáin, duine acu 'ġá áiteaṁ gur 'n-a leiṫéid seo ċuma do buaḋaḋ an caṫ, agus an duine eile 'ġá áiteaṁ nár ḃ'eaḋ aċ i 'n-a leiṫéid siúd eile de ċuma. Ansan b'ḟéidir go laḃarfaḋ an tríṁaḋ duine agus go ndéarfaḋ se go raiḃ an éagcóir ag an mbeirt, agus go dtaḃarfaḋ sé a ṁalairt ar fad de ṫuairisg ar an gcuma 'n-ar buaḋaḋ an caṫ. Ḃí oiread san neiṫe tuitiṫe amaċ sa Ṁúṁain i gcaiṫeaṁ beagán blianta roimis sin nár ḃaoġal do'n ċuideaċtain aon toċt a ṫeaċt orṫa le h-easba aḋḃar cainte. Níor ṫáinig aon toċt orṫa. Ḃí gleó agus argóint agus áiteaṁ agus aiġneas acu go tiuġ, agus má ḃí ní baoġal ná go raiḃ sult agus greann agus gáirí go tiuġ acu, leis, agus iad ag maoiḋeaṁ go h-árd agus go suairc agus go móraigeanta mar ġeall ar an gcuma 'n-a raiḃ Clanna Gaeḋal i n-uaċtar agus Loċlanaiġ ar lár.

Fé mar a ṫáinig a ndóṫin a ḃeiṫ iṫte agus ólta ag an gcuideaċtain ḃí an ċaint agus an sult agus an gleó ag dul i n-aoirde. Fé ḋeire do ḃuail Brian an cluigín. Do stad an gleó. Ḃí gaċ aoinne ciúin. Do laḃair Brian. D'iar se ar an gcuideaċtain sláinte an Ṗápa ḋ' ól. Do ṁol sé an Creideaṁ agus do ṁol sé Ceann Soḟeicse an Ċreidiṁ, agus do ġeall sé, uaiḋ féin, agus ṫar ċeann a raiḃ láiṫreaċ d' uaisliḃ Gaeḋal, agus tar ċeann a raiḃ beó de ṡíolraċ Gaeḋal, go mbéaḋ slioċt Gaeḋal dílis do'n Ċreideaṁ, le congnaṁ Dé, an ḟaid a ḃéaḋ grian ar spéir agus daoine ar talaṁ.

Do h-ólaḋ sláinte an Ṗápa agus do guiḋeaḋ faid saoġail ċuige. Ansan do laḃair an Legáid. Dúḃairt sé airís os cóṁair na cuideaċtan san an ċaint adúḃairt sé ṫíos i n-Inis Caṫaiġ. D'inis sé conus mar a ḃí an Euróip go léir ag faire an uair sin ar Ḃrian agus ar Ġaeḋlaiḃ agus ar an ngleic uaṫḃásaċ a ḃí acu 'á ḋéanaṁ le