cóṁaċtaiḃ Loċlan; gur ḃ'í an ġleic uaṫḃásaċ san a ḃí ag sáḃáil na h-Euróipe agus ag sáḃáil na h-Eagailse ar fuid na h-Euróipe, ó'n leirsgrios a ḋéanfaḋ na Loċlanaiġ orṫa mura mbéaḋ an cosg a ḃí d'á ċur le n-a réim agus le n-a neart anseo in Éirinn. Dúḃairt sé go mbéaḋ an Pápa agus cléir na Róṁa agus an Eaglais ar fuid na h-Euróipe ag guiḋe ċun Dé do ġnáṫ 'ġá iaraiḋ ar Ḋia na Glóire caḃruġaḋ go láidir leis na Gaeḋlaiḃ agus le Brian sa ġleic sin, agus an buaḋ a ḃí acu d'á ṫuilleaṁ ċóṁ maiṫ do ṫaḃairt dóiḃ sa deire go h-iomlán.
Do ṫug an ċuideaċta trí gárṫa molta do'n Ṗápa. Ansan do ṫugadar trí gárṫa molta do Ḃrian. Ansan d'iaradar d'aon guṫ ar an Legáid an ḃeannaċt a ṫaḃairt airís dóiḃ. Ḃí iongnaḋ air nuair a h-iaraḋ san air, aċ nuair a ċonaic sé Brian agus Murċaḋ agus an ċuideaċta go léir ar a nglúiniḃ ṫug sé ḋóiḃ an ḃeannaċt. Dúḃairt sé i n' aigne féin áṁṫaċ: “Is éagsaṁlaċ na daoine iad! Gleó agus aiġneas agus glór árd agus éirleaċ cainte — agus ansan — beannaċt an Ṗápa! Is éagsaṁlaċ na daoine iad!”
CAIBIDIOL X.
DÚLAINN ÓG.
Ṫáinig an t-am ċun dul isteaċ i halla an rince. D'iar Brian ar an Legáid aṫluġaḋ. Do ḋein. D'ḟreagair an ċuideaċta go léir. Ansan d'eiriġ an ríġ agus an ċuideaċta agus ċuadar do dtí an halla mór, halla an rince. Ṫáinig an t-aos ceóil. Do spreagaḋ suas an ceól. Do leaṫ an ċuideaċta iad féin mór-ṫímpal an halla. Ba ġearr go