Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/53

This page has not been proofread.
49
NIAṀ

raiḃ na daoine óga ag rince agus na seandaoine ag caint 'n-a mbuiḋniḃ beaga anso agus ansúd. Ḃí Brian agus an Legáid i n-aice 'ċéile agus iad ag caint ar a lán neiṫe a ḃain le gnóṫaíḃ ríġeaċta na h-Éirean agus le gnóṫaíḃ Creidiṁ i n-Éirinn. Ḃí Gormḟlaiṫ agus Colla agus Taḋg Mór ua Cealla i n-aice 'ċéile agus iad ag tráċt ar a lán neiṫe nár ċuir aoinne acu puínn suime ionta. Ṫáinig Dúlainn Óg ag triall orṫa agus níor ḃ' ḟada go raiḃ caint a ndóṫin ag an gceaṫrar san, Dúlainn ag áireaṁ na ngníoṁarṫa a ḋein Brian agus na ngníoṁarṫa a ḋein Murċaḋ ar na Loċlanaiġ i gcaṫ Gleanna Ṁáma, agus Colla ag ceistiúċán air. Ḃíoḋ Dúlainn i n-aice Ṁurċaḋ i gcóṁnuiġe ins na caṫanaiḃ, agus nuair ḃíoḋ an naṁaid 'n-a dtímpal ṫugaidís a ḋá ndrom le n-a ċéile agus ċosnaidís iad féin go dtí go dtagaḋ congnaṁ ċúċa. Ní h-ar a ġníoṁarṫaiḃ féin, áṁṫaċ, a ḋeineaḋ Dúlainn puinn cainte. Ar ġníoṁarṫaiḃ Ṁurċaḋ ba ṁaiṫ leis ḃeiṫ ag caint.

“Lá uaṫḃásaċ ab eaḋ an lá san Ġleanna Ṁáma,” ar seisean. “Ná fir ba ṫréine a ḃí ar ċlannaiḃ Loċlan ḃíodar sa ċaṫ san. Ḃíodar lán deiṁniġṫeaċ go mbuaḋfaidís. Ḃíodar socair air. Ḃíodar ceapaiṫe air. Ḃí a n-aigne socair go daingean acu ar ḃuaċtaint nó ar ṫuitim. Ní ḟeaca riaṁ a leiṫéid de neaṁṡuim i mbás agus ċonac i n-ár naṁaid an lá san. Ċóṁ tiuġ agus ṫuigeaḋ an fear ḃíoḋ fear i n' inead. Tá an méid seo agam-sa le ráḋ, agus deirim é mar do ċonaic mo ḋá ṡúil é. Mura mbéaḋ Murċaḋ ḃí Gleann Ṁáma ag na Loċlanaiġ.”

“Is mór an focal é sin, a Ḋúlainn,” arsa Gormḟlaiṫ.

“Is mór an focal é, a rígan, agus is fíor é. D'adṁuiġ na Loċlanaiġ féin é, an méid a ḃí beó ḋíoḃ tar éis an ċaṫa. Ḃí an caṫ ar siúḃal ar feaḋ cúpla uair a' ċloig nó mar sin. Ḃíomair ag brúṫ orṫa agus ḃíodar-san ag brúṫ orainn, agus ḃí sé ag teip ar aon taoḃ an taoḃ eile do ċur oiread