ḋéanaṁ. Ċuir an ċosaint iongnaḋ air, agus ċuir an sáḋ alltaċt ar fad air. Ní raiḃ uain aige, sar ar imṫiġ an t'anam as, aċ ar a ráḋ, ‘Is tú an fear is fearr a ḃuail riaṁ umam!’ Ċuir an gníoṁ dúbalta san sgannra ar na Loċlanaiġ eile a ḃí ar an láṫair. Do ṫaraingeadar siar. Ṫáinig buile misniġ ar ár ḃfearaiḃ féin agus ḃrúġdar amaċ. Ḃriseamair an tarna bearna róṁainn amaċ. Cad a ċífinn ansan aċ ár neart féin ag géilleaḋ do neart na Loċlanaċ, tamal soir óḋeas ar ár ndeis. Siúd siar Murċaḋ agus mé féin airís agus soir óḋeas ċun na h-áite 'n-a raiḃ na Gaeḋil ag dul i ndiaiġ a gcúil. Ċóṁ luaṫ agus ċonacadar ag teaċt sinn ṫáinig náire orṫa agus ṡeasuiġdar an fód. Um an dtaca 'n-ar ṡroiseamair iad is ag brúṫ amaċ a ḃíodar i n-inead ḃeiṫ ag dul i ndiaiġ a gcúil. Ḃíodar ar buile ċúċa féin a ráḋ go ḃfeacaiḋ Murċaḋ ag dul i ndiaiġ a gcúil iad. Ṫáinig, ba ḋóiċ leat dúbailt nirt ionta. Ḃrúġdar rómpa an naṁaid, agus ba ḋeacair é. Ḃí na fir ag tuitim ċóṁ tiuġ le grean ar gaċ taoḃ. Ḃí na cuirp 'n-a gcruaċaiḃ anáirde ar a ċéile. Is anáirde ar na cruaċaiḃ sin a ċaiṫeamair seasaṁ agus sinn ag brúṫ ar an naṁaid agus 'ġá leagaḋ. Ḃrúġmair róṁainn iad. Ċuireamar cruaċ dínn. Ansan ċuireamair cruaċ eile ḋínn. Ṁeasas go gcaiṫfimís iad go léir a ṁarḃuġaḋ sar a n-iompóċaidís uainn. Fé ḋeire d'iom- puíġdar. Do ṫeiṫeadar, agus do leanaḋ iad agus do marḃuiġeaḋ oiread acu sa ruagairt agus do marḃuiġeaḋ sa ċaṫ. Mura mbéaḋ Murċaḋ ḃéaḋ a ṁalairt de sgéal againn. Mura mbéaḋ Murċaḋ do ruiṫfeaḋ leis an ḃfear mór úd. D'iompóċ' na Loċlanaiġ isteaċ lastiar dínn nuair a ḃeimís imṫiġṫe amaċ tríd an mbearnain úd. Ḃéaḋ an ruag ar ár muintir féin ar ṫaoḃ na láṁa deise agus ar ṫaoḃ na láṁa clé. Ansan d'iompóċ' neart ár naṁad go léir orainn agus ní ṫiocfaḋ duine againn beó as an gcaṫ.
Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/55
This page has not been proofread.
51
NIAṀ