Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/57

This page has not been proofread.
53
NIAṀ

Éirean do ċur le ċéile 'n-a gcoinniḃ. Do buaḋfaí air. Do buaḋfaí ar ríġṫiḃ Éirean 'n-a nduine a's 'n-a nduine, fé mar a buaḋaḋ orṫa ċeana. Ansan do ḃéaḋ an láṁ uaċtair ag Loċlanaiġ agus ḃéaḋ mac Ġormḟlaiṫ i n' Árdríġ ar Éirinn. Siné a ḃí uaiṫi. Ċuir caṫ Ġleanna Ṁáma an méid sin go léir ar neaṁníḋ, agus má b'ḟíor caint Ḋúlainn b'é Murċaḋ fé ndeár san. Má ḃí fuaṫ aici do Ṁurċaḋ roimis sin do ṁéadaiġ an ċaint sin an fuaṫ. Sgian tré n-a croíḋe ab eaḋ an uile ḟocal de'n ċaint.

Is ró ḃeag d'á ċuiṁneaṁ, áṁṫaċ, a ḃí ag Dúlainn féin ná ag aoinne de'n ṁuintir a ḃí ag éisteaċt leis an gcaint go raiḃ an ċaint ag gearaḋ an ċroíḋe aici ar an gcuma san. Ḃí a gnúis ċóṁ séiṁ, ċoṁ glan, ċóṁ ríoga, ċóṁ solusṁar, ċóṁ caoin, ċóṁ cneasta san aici gur ḋóiċ le duine uirṫi ná raiḃ aon níḋ ar an dtalaṁ so ba ṁó ṫug de ṡásaṁ aigne ḋi 'ná mar a ṫug an caṫ san Ġleanna Ṁáma ḋi.

Aċ d'á ṁéid gearaḋ a ḋein an cúntas ar a croíḋe ḃí aon níḋ aṁáin ag baint leis an gcaṫ agus ṫug sé raint sóláis di. Má deineaḋ uisge-fé-ṫalaṁ riaṁ do ḋein sí é ċun cóṁaċt na Loċlanaċ do neartuġaḋ i gcóir an ċaṫa san. Aċ do ḋein sí an t-uisge-fe-ṫalaṁ riaṁ ċóṁ cliste sin nár ṫáinig aon ṗioc d'á eólus ċun Briain ná ċun Murċaḋ, ná ċun aoinne a ṫaḃarfaḋ dóiḃ aon ċogar dé. Ḃí iongnaḋ ar gaċ aoinne neart na Loċlanaċ a ḃeiṫ ċóṁ mór sa ċaṫ agus é ḃeiṫ gleusta ċóṁ maiṫ, agus an oiread san d'ḟearaiḃ cróḋa mileata a ḃeiṫ tagaiṫe ann ó ḋúṫaíḃ iasaċta a ḃí aḃfad ó'n áit agus aḃfad ó ċéile, aċ níor ċuiṁniġ aoinne, lasmuiċ de'n ṁuintir a ḃí 'n-a cóṁairle agus ag déanaṁ a h-oibre, go raiḃ aon ḃaint ag Gormḟlaiṫ leis an níḋ sin.

“Is eagal liom, a ríġ,” ar sise le Dúlainn, “go ḃfuil an iomad de ċreideaṁaint an lae sin agat d'á ṫaḃairt do Ṁurċaḋ, agus go ḃfuil éagcóir agat d'á ḋéanaṁ ort féin