Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/60

This page has not been proofread.
56
NIAṀ

Aċ ar an dtarna h-aṁarc d' adṁóċaimís ó ċroíḋe gur deineaḋ éagcóir ana ṫrom ar ċeann an Éireanaiġ nuair a baineaḋ dé an folt áluinn uasal a ċuir Dia ag fás air. Dá ḃféadaḋ Dúlainn Óg teaċt ar an saoġal airís agus feuċaint ar na plaoisgíní beárrṫa atá orainne, ar na cluasaiḃ gan sgáṫ agus ar an mbaic muiníl gan díon ó'n ḃfuaċt, agus ar an rud i ḃfuirm cana stáin, aċ é ḃeiṫ duḃ, atá ṫuas ar an gcloigean mar hata, cad é an seirḃṫean a ċuirfidís air! “Ó!” a dearfaḋ sé, “cad 'tá imṫiġṫe ar ár slioċt! An iad so na daoine a ṫáinig uainne! Nó an daor-aicme éigin iad a ḋ' ḟás i n-Éirinn i n-ár ndiaiġ! Séanaim iad! Ní linn i n-aon ċor iad!”

Dá ḃféadaḋ Niaṁ, nó Gormḟlaiṫ, nó aoinne eile des na ríganaiḃ uaisle a ḃí sa halla mór úd Ḃriain an oíḋċe úd, teaċt ar an saoġal airís agus feuċaint ar na mnáiḃ atá anois againn, ar na sgiaṫógaiḃ móra leaṫana a ḃíon ar ṁullaċ a gcinn acu, agus ar na cleitíḃ a ḃíon sáiḋte ina na sgiaṫógaiḃ sin, agus ar na ribíníḃ a ḃíon asta, cad déarfaidís? Déarfaidís an rud úd adúḃairt Caṫal leis an gcleasaiḋe. “Airiú, a ṁic léiginn,” arsa Caṫal, “cad fé ndeara duit ḃeiṫ as do ṁeaḃair!”

Dá dtagaḋ Gormḟlaiṫ nó Niaṁ ċuġainn ċeiṫre fiċid blian ó ṡin ní ḃéaḋ an sgéal ċóṁ h-olc agus 'tá sé anois. Ċífidís an uair sin na clócaí breaġṫa fada dúḃa ar na mnáiḃ, agus na caipíní deasa sásta maiseaṁla ar na clócaíḃ sin, i dtreó dá mb' ar óinsiġ féin a ḃéaḋ clóca acu, agus an caipín ar a ceann aici, gur ḋóiċ leat gur ḃean ċiallṁar í. Aċ anois, nuair a ċífidís na sgiaṫóga agus na cleití agus na ribíní, agus an ġluaiseaċt éaganta, cad a ḃéaḋ le ráḋ acu? “Ó!” a déarfaidís, “náċ mór an truaġ na mná san go léir a ḃeiṫ as a meaḃair! Cad fé ndeara iad a ḃeiṫ ar an gcuma san?” Ansan, nuair a déarfaí leó, “Ní h-as a meaḃair atáid siad i n-aon ċor. Ní'l aon