Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/67

This page has not been proofread.
63
NIAṀ

Ḋruideadar i leiṫ taoiḃ.

“Níor cailleaḋ an eoċair i n-aon ċor, a ḋuin'uasail,” arsa'n Legáid, “agus níor ċuir Colla aon teaċtaire ċúġat-sa 'ġá iaraiḋ ort macṡaṁail a ḋéanaṁ do'n eoċair. An t-é a ṫáinig ċúġat biṫeaṁnaċ ab eaḋ é. Tá an ċailís imṫiġṫe.”

“An ċailís imṫiġṫe!” arsa'n gaḃa.

“Tá sí imṫiġṫe,” arsa'n Legáid. Agus d'inis sé tríd síos dó conus mar a ḃí an ċailís le taḃairt dó féin ċun an Aifrinn Aoird do ráḋ os cóṁair Ḃriain agus na n-uasal, agus conus mar a fuaraḋ an bosca iarainn folaṁ nuair a h-osgalaḋ é.

Do stad an gaḃa. Níor ḟan focal ann. Ṫuig sé láiṫreaċ gur ḋein sé árd ḋearṁad nuair a ḋein sé an macṡaṁail do'n eoċair gan dul síos agus laḃairt ar dtúis le Colla féin. Ṫug an ḃeirt raint aimsire gan laḃairt. Do laḃair an Legáid.

“An aiṫneófá an teaċtaire an dóiċ leat?” ar seisean.

“'Sé mo ṫuairim go n-aiṫneóċainn, a Ṫiġearna Easboig,” arsa'n gaḃa. “Duine des na manaiġ ab eaḋ é.”

“Téanam ort síos anois agus ġeóḃmíd raḋarc ar na manaiġ go léir. Buailfimíd eatarṫa agus iad ag déanaṁ a ngnóṫa. Ní neósfaimíd d' aoinne cad 'tá uainn. Ní h-aon iongnaḋ mise agus tusa ḃeiṫ ag gaḃáil tríd an mainistir. Déarfar gur gnó éigin a ḃainean le d' ċeírd a ḃeiḋ agam 'á ṫaḃairt duit le déanaṁ.

Ċuir an gaḃa fear eile os cionn na h-oibre, agus do ġluais sé fein agus an Legáid síos go h-Inis Caṫaiġ. Ḃuaileadar tríd an mainistir. Ḃíodar ag feuċaint ar ḋóirsiḃ agus ar ġlasaiḃ agus ar ḃacánaiḃ agus ar ṫuisleanaiḃ. Ḃí an Legáid ag cur fios ar an manaċ so agus ar an manaċ úd agus é ag déanaṁ gaċ aon tsaġas ceistiúċáin orṫa, agus ḃí an gaḃa ag faire ċuige. Ṫánadar