ċun an érdaim. Do glaoḋaḋ ar an ndeacon. Ní raiḃ sé ann. Do riṫ teaċtaire anso a's teaċtaire ansúd ar a lorg. Ní raiḃ sé le fáġail. Do glaoḋaḋ ar Ṫaḋg Óg ua Ċealla. Ṫáinig sé. Do fiafraiġeaḋ dé cá raiḃ a ċomrádaiḋe.
“Dúḃairt sé go raiḃ sé ag dul suas go Luimneaċ i n-aonḟeaċt leat-sa, a Ṫiġearna Easboig,” arsa Taḋg. “Ní ḟeaca-sa ó ṡin é. An aṁlaiḋ nár ṫáinig sé anuas i n-aonḟeaċt liḃ?” ar seisean.
“Níor ṫáinig,” arsa'n Legáid, “nó má ṫáinig ní ḟeacamair-ne ag teaċt é.”
Le n-a linn sin ṫáinig Colla. Do fiafraiġeaḋ dé an ḃfeacaiḋ sé Aṁlaoiḃ i n-aon ḃall.
“Nuair a ṡroiseas Ceann Cora,” arsa Colla, “ḃí sé ann róṁam. Dúḃairt sé go raiḃ teaċtaireaċt éigin aige 'á ḃreiṫ uait-se, ag triall ar an ríġ, a Ṫiġearna Easboig. Is dóċa go mbeiḋ sé anso sar a' fada.”
“Is dóċa é,” arsa'n Legáid. Ní dúḃairt sé a ṫuille. Ḃí ḟios aige go ndúḃairt Aṁlaoiḃ bréag i dtaoḃ na teaċtaireaċta; nár ṫug sé féin aon teaċtaireaċt dó le breiṫ ag triall ar an ríġ.
“Tá gnóṫaí móra ar siúḃal ṫoir i gCeann Cora,” arsa Colla.
“Cad iad na gnóṫaí iad, a Aṫair?” arsa'n Legáid, agus ċuir gaċ aoinne a ḃí láiṫreaċ cluas air féin.
“Tá,” arsa Colla, “maiṫe móra a ḃeiṫ tagaiṫe ann ó leaṫ Ċuinn agus iad a ḃeiṫ 'ġá iaraiḋ ar Ḃrian an Árdríġeaċt do ġlacaḋ.”
“An aṁlaiḋ atá M'lṡeaċlainn tar éis ḃáis?” arsa'n Legáid.
“Ní h-aṁlaiḋ, a Ṫiġearna Easboig,” arsa Colla, “aċ deir an ṁuintir a ṫáinig go ḃfuil Leaṫ Ċuinn go léir corṫa de Ṁ'lṡeaċlainn agus náċ foláir é ċur i leiṫ taoiḃ agus Árdríġ ḋéanaṁ de Ḃrian.”