“Má tá sé beó, a Ṫaiḋg,” ar sise, “agus má tá cion ċóṁ mór san agat air, ní mar sin is ceart duit an cion a ṫaisbeáint.”
“Agus cad tá le déanaṁ agam, a Niaṁ?” ar seisean.
“Cuir daoine amaċ ar a ṫuairisg,” ar sise, “agus geall luaċt-saoṫair maiṫ do'n té a ṫaḃarfaiḋ tuairisg ċúġat air. Ní h-é mo ṫuairim féin go ḃfuil aon droċ níḋ tar éis imṫeaċt air. Fear ró ġasta iseaḋ é. Ní dóiċ liom go ḃfuil aon naṁaid aige.”
“Ní ḟeadar an tsaoġal,” arsa Taḋg, “cad é an gnó a ḃí soir go Ceann Cora aige an lá a ċuaiḋ Colla agus an t-Easbog soir ann. Ċonaic Colla ann é aċ ní ḟeacaiḋ aoinne ag dul ann é ná ag teaċt as.”
“Cuir t' aigne ċun suaiṁnis, a Ṫaḋg,” ar sise. “Ní'l baoġal air. Tá fios a ġnóṫa féin aige. Má tá oiread ceana aige ort agus 'tá agat air tiocfaiḋ sé ṫar n-ais ċúġat ċóṁ luaṫ i n-Éirinn agus d'ḟéadfaiḋ sé teaċt.”
Ċuir Taḋg amaċ an luċt cuardaiġ agus ġeall sé an luaċt-saoṫair dóiḃ, aċ níor ṫáinig aon tuairisg ar Aṁlaoiḃ. Aċ ṫáinig tuairisg nár ḃ'é. Ṫáinig tuairisg ó Ċeann Cora, agus ċuir an tuairisg sin gaċ aon rud eile soir siar.
CAIBIDIOL XIV.
GIOLLAÍ TURAIS.
Ḃí Taḋg Óg ua Cealla tagaiṫe tar n-ais go mainistir Ínse Caṫaiġ ċun a ċuid léiġinn do ċríoċnuġaḋ, agus ḃí sé ag faire ċuige gaċ lá feuċaint an aireóċ' sé tásg nó tuairisg ar Aṁlaoiḃ. Lá d'á raiḃ sé ar an gcuma san, tímpal mí