aon ċuma eile. Ḃíoḋ foṫ-ḋuine d' ríogra Éirean féin sa ġnó. Do ṫárla, an uair seo ar a ḃfuilimíd ag tráċt, go raiḃ duine de ríogra Éirean sa ġnó. Fé ċeilt, áṁṫaċ, iseaḋ ḃí sé sa ġnó. Donn ab ainim dó, Donn mac Beaṫaċ. Ó'n dtaoḃ ṫiar ṫeas de'n Ṁúṁain ab eaḋ é agus mac ríġ ab eaḋ é. Ó ḃí sé deiċ mbliana d'aois do tugaḋ fé ndeara go raiḃ cuisiḋeaċt uaṫḃásaċ aige. Nuair a ḃí sé ċeiṫre bliana déag do ḃeireaḋ sé ar na gioraiṫiḃ ar ṫaoḃ an ġleanna, ag ruiṫ 'n-a ndiaiġ agus 'ġá gcasaḋ mar a ḋéanfaḋ cú. Mar ġeall ar an gcuisiḋeaċt san a ḃí aige do tugaḋ “Caoilte” mar leas-ainim air. Ṫáinig sé ag triall ar Ḃrian ċun go nglacfaí ameasg na ngiollaí turais é. Do glacaḋ láiṫreaċ é ċóṁ luaṫ agus do ċonacṫas an ruiṫ uaṫḃásaċ a ḃí aige. Ní raiḃ aon ḟear ann a ḋ'ḟéadfaḋ coimeád i n-aice leis i n-aon ċor i gcúrsa reaṫa. Nuair a fiafraiġeaḋ a ainim dúḃairt sé gur Caoilte ab ainim dó. Ḃí tuairim acu go léir gur ḃ' ainim bréige an ainim sin dó, aċ ba ċuma leó. Ḃí ḟios acu, gan aċ feuċaint air, go raiḃ fuil uasal ann.
Ḃí sé ċóṁ maiṫ sa ġleacaiḋeaċt agus ar na h-armaiḃ gaisge agus ḃí aoinne d'á luċt cóṁnaoíse. Fear breaġ córaċ cumasaċ ab eaḋ é. Má ḃí aon loċt air b'é seo é. Déarfaḋ duine go raiḃ a ċosa, ó ċrománaiḃ go talaṁ, beagáinín ró ḟada agus ró láidir i gcomparáid le n-a ċaḃail. Aċ ḃíodar téagarṫa ṫuas agus caol ṫíos, agus ḃí an dá ṫroiġ ana ḃeag, ana ṫeann, i dtreó go raiḃ neart mór agus meáġċaint ḃeag ionta. Ḃí an léim aige ċóṁ maiṫ agus ḃí an ruiṫ aige. An falla a ḃéaḋ ċóṁ h-árd leis féin do raġaḋ sé do léim ṫairis gan láṁ ná cos a ċur ann. Do ruiṫfeaḋ sé i n-aice capail agus do raġaḋ sé do léim i ndrom an ċapail sin agus an capal ar cos- anáirde.
Ní raiḃ se ró ḟada i gCeann Cora ameasg na ngiollaí