Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/79

This page has not been proofread.
75
NIAṀ

turais nuair a cuireaḋ amaċ an teaċtaireaċt úd. Cé curfaí siar go h-Uíḃ Máine ag triall ar Ṫaḋg Ṁór ua Ċealla aċ Caoilte.

Ċuaiḋ sé siar agus ṫug sé a ṫeaċtaireaċt. Ċonaic sé Taḋg Mór, agus ċonaic sé teiġlaċ Ṫaiḋg Ṁóir. Agus feuċ. Ċonaic sé an rígan óg. Ċonaic sé Niaṁ. Ba ḃeag ná gur baineaḋ a ṁeaḃair ṡaoġalta ḋé glan ċóṁ luaṫ agus ċonaic sé í. Ċonaic se áilneaċt agus uaisleaċt go minic roimis sin, i mnáiḃ a ḋúṫa féin, agus i mnáiḃ eile i ndúṫaíḃ eile. Ní ḟeacaiḋ sé riaṁ roimis sin i n-aon ṁnaoi, uasal ná íseal, aon níḋ a ḋ'ḟéadfaḋ sé ċur i gcomparáid leis an solus áilneaċta a ṫáinig os cóṁair a ṡúl ċóṁ luaṫ agus ṫáinig Niaṁ os cóṁair a ṡúl. Ċóṁ luaṫ agus d'ḟeuċ sé uirṫi do leaṫ a ḋá ṡúil air agus ba ḃeag ná gur leaṫ a ḃéal air, agus níor ḟéad sé a ṡúile ḃogaḋ ḋí. Ḋ'ḟeuċ sise air, agus má ḟeuċ ní baoġal ná gur ḃog sé ḋi láiṫreaċ iad. D' ḟeuċ sé síos ar an dtalaṁ, agus do las sé go bun na gcluas nuair a ṫuig sé an tuaṫal a ḃí déanta aige. Do laḃair sise go breaġ neaṁ-iongantaċ neaṁ-ṫuairimeaċ, agus ċuir sí raint ceisteana ċuige i dtaoḃ Ḃriain agus i dtaoḃ na h-oibre a ḃí ar siúḃal, agus i dtaoḃ na ríġṫe agus na n-uasal eile a ḃí ag teaċt go Ceann Cora. Do laḃair sí ċóṁ cneasta leis agus ċóṁ résúnta gur ċuir sí a aigne ċun suaiṁnis i dtaoḃ an tuaṫail a ḃí déanta aige.

Isé ċuaiḋ ó ḋeas go h-Inis Caṫaiġ ó Uíḃ Máine ċun an sgéil a ḋ'innsint do Ṫaḋg Óg. Ṫáinig sé féin agus Taḋg, agus tuille des na h-uaisliḃ óga a ḃí ar sgoil na mainistreaċ ó Ċúige Conaċt, ṫánadar aḃaile le cois a ċéile. Do ġleusadar go léir iad féin i n-arm 's i n-éide agus ṫugadar aġaiḋ ar Ċeann Cora. Ċuaiġ Niaṁ go Ceann Cora i n-aonḟeaċt le n-a h-aṫair. Ċuaiḋ a lán eile de ṁnáiḃ uaisle na h-áite ann, leis, i n-aonḟeaċt le n-a muintir féin. Do riṫ an giolla turais rómpa ċun a