de ríġṫiḃ ná d'uaisliḃ na h-Éirean a ḃí ag éisteaċt léis an gcaint.
Níor ṫárla an ċaint sin ná aon ċaint d'á sórd, idir Ḃolingbroke agus Risteárd. Murar ṫárla do ṫárla gur ṫóg Bolingbroke ċuige ríġeaċt Ṡasana, agus gur ċuir sé Risteárd ċun báis le h-eagla go mb’ ḟéidir go dtiocfaḋ le Risteárd a neart do ċruinniuġaḋ agus an ríġeaċt a ḃaint dé airís.
Do ṫárla an ċaint idir Ḃrian agus M'lṡeaċlainn. Má ṫárla do ṫárla gur tugaḋ an mí do M'lṡeaċlainn. Níor ḟéad sé aon neart do ċruinniuġaḋ i gcaiṫeaṁ an ṁí. Ansan do tugaḋ an ḃliain dó. Níor ḟéad sé aon neart do ċruinniuġaḋ i gcaiṫeaṁ na bliana aċ ċóṁ beag agus d'ḟéad sé é ċruinniuġaḋ i gcaiṫeaṁ an ṁí.
Ansan do tugaḋ an Árdríġeaċt do Ḃrian — agus níor ċuir Brian M'lṡeaċlainn ċun báis. Níor ċuir, aċ má seaḋ do deineaḋ ríġ cúige de Ṁ'lṡeaċlainn agus ḃí sé ċóṁ maiṫ ċóṁ dílis de ríġ cúige le h-aon ríġ eile cúige d'á raiḃ i n-Éirinn. Ḃí an Árdríġeaċt ag Brian agus níor ṁairḃ sé aoinne ċun í ḟáġail ná ċun í ċoimeád.
Míle blian sar ar ṫárla an méid sin cainte agus an méid sin gnóṫa idir Ḃrian agus M'lṡeaċlainn do ṫárla caint de'n tsaġas ċéadna agus gnó de'n tsaġas ċéadna idir ḋá ríġ eile a ḃí i n-Éirinn an uair sin. B'iad ḋá ríġ iad san 'ná Conċuḃar mac Neasa agus Feargus mac Róig. Ḃí Feargus mac Róig 'n-a ríġ ar Ċúig' Ulaḋ. Do ċuir Conċuḃar mac Neasa Feargus as an ríġeaċt, agus ḋein sé ríġ ar Ċúig' Ulaḋ ḋé féin. Ansan feuċ cad a ṫuig amaċ. Ar ċuir Conċuḃar Feargus ċun báis le h-eagla go n-eireóċ' sé 'n-a ċoinniḃ agus go gcuirfeaḋ sé as an ríġeaċt airís é? Níor ċuir. A ṁalairt sin ar fad iseaḋ do ṫuit amaċ. D'ḟan Conċuḃar suiḋte go daingean sa ríġeaċt agus ḃí caradas dlúṫ idir é agus Feargus, agus ní raiḃ aon