Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/91

This page has not been proofread.
87
NIAṀ

Ansan déarfaḋ duine eile: “Bíon daoine náċ giollaí turais ag teaċt ċun buiḋne Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla.”

“Bíon go díreaċ,” a déarfaḋ duine eile, “agus ní ró ṁór an ḟáilte a ḃíon ag uaisliḃ buiḋne Ṫaiḋg rómpa.”

“Cad é an ċúis ná béaḋ fáilte ag uaisliḃ buiḋne Ṫaiḋg rómpa, airiú?” adéarfaḋ áilteóir a ḃéaḋ 'ġá leigint air nár ṫuig sé an sgéal.

“Oiḋe, náċ neaṁ-ṫuisgionaċ an duine ṫu!” a déarfaḋ duine eile. “Ná fuil ḟios agat go maiṫ conus mar atá an sgéal ag uaisliḃ óga Conaċt i dtaoḃ inġíne Ṫaiḋg? Go ḃfuil gaċ aoinne acu ag cailleaṁaint a ṁeaḃraċ a d'iaraiḋ go ḃfaġaḋ sé féin í le pósaḋ. Táid siad i raċtaiḃ an anama ḃaint as a ċéile mar ġeall uirṫi, aċ nuair a ṫagan aon ḟear iasaċta isteaċ sa ḃuiḋin bíd siad go léir i n-aonḟeaċt i raċtaiḃ an anama ḃaint as san.”

“Agus ar ndó' tá ḟios ag an saoġal,” adéarfaḋ duine eile as a ṁaċtnaṁ, “náċ í Niaṁ atá ag tarang Ċaoilte ċun buiḋne Ṫaiḋg Ṁóir.”

“Dar fiaḋ,” a déarfaḋ duine eile, “aċ má ṫuigid uaisle óga Conaċt agus na h-uaisle óga eile gur mar ġeall ar Niaṁ atá Caoilte ag dul ċóṁ minic ċun na buiḋne sin beiḋ an sgéal go h-olc aige sar a gcuirfiḋ sé puínn eile aimsire ḋé.”

“Tá an sgéal go h-áiféiseaċ acu go léir,” a déarfaḋ duine eile. “Ní'l blúire binne ag Niaṁ ar aoinne acu, amuiċ ná i mbaile. Is measa léi a h-aṫair 'ná aon ḟear beó, uasal ná íseal.”

Sin mar a ḃídís ag caint agus ag cur ṫré ċéile. An ḟaid a ḃí an ṁór-ṡluaġ ag gaḃáil óṫuaiḋ ó Ċeann Cora go Teaṁair ní ró ṁór an suim a curtí sa ċaint. Ḃí tuairim ag na fearaiḃ go mb’ ḟéidir go raiḃ obair ṫrom rómpa, caṫana fuilteaċa b'ḟéidir. Nuair a ḃí an ċuaird taḃarṫa agus an tsíṫċáin déanta agus an ṁór-ṡluaġ ag filleaḋ go